Written answers

Tuesday, 22 February 2022

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

An Teanga Gaeilge

Photo of Ruairi Ó MurchúRuairi Ó Murchú (Louth, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

324. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an ndéanfaidh oifigigh na Roinne athbhreithniú ar an tsraith taighde, Céard é an Scéal, a foilsíodh le gairid (sonraí tugtha) agus ina leagtar amach cén machnamh a dhéanfar ar mholtaí na ngrúpaí fócais; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [9951/22]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá cóip den taighde atá luaite ag an Teachta faighte agam féin agus ag mo chuid oifigigh ó Chonradh na Gaeilge. 

Cuirim fáilte roimh an taighde a léiríonn go bhfuil an pobal i gcoitinne, fiú iad siúd nach bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu, báúil don teanga. Dár ndóigh, is ag teacht le polasaí an Rialtais seo maidir leis an Ghaeilge, mar atá leagtha amach sa Straitéis 20-Bliain don Ghaeilge 2010-2030, atá go leor de na conclúidí atá déanta sa taighde.

Léiríonn an Stráitéis, agus an Plean Gníomhaíochta don Ghaeilge 2018-2022 atá bainteach léi, polasaí an stáit don Ghaeilge agus do na ceantair Ghaeltachta. Tá úinéireacht trasrialtais ag an Stráitéis agus an Plean Gníomhaíochta agus, dá réir sin, tá de chúram ar Ranna Rialtais, ar fhorais Stáit agus ar eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta an plean a chur i bhfeidhm.

Léiríonn an Plean Gníomhaíochta, agus an dara tuairisc bhliantúil ar a dhul chun cinn a foilsíodh i 2021, na 180 gníomh atá á bhforbairt ag thart ar 60 páirtí leasmhar chun tacú leis an teanga agus leis na ceantair Ghaeltachta. 

Comhthreomhar leis an bplean sin, agus ag teacht le moltaí thaighde Chonradh na Gaeilge, chuir an Rialtas seo leithdháileadh breise arbh fhiú €14.8m san áireamh i mBuiséad 2021 d’earnálacha na Gaeilge agus na Gaeltachta, chun tacú leis an teanga agus na ceantair Ghaeltachta - go mór mór i gcomhthéacs chur i bhfeidhm leanúnach an phróiseas pleanála teanga agus an pholasaithe maidir le hOideachas Gaeltachta. Mar thoradh ar an leithdháileadh breise sin, bhí níos mó ná €78m san iomlán curtha ar fáil i 2021 chun tacú leis an nGaeilge trí mo Roinnse amháin - suim atá méadaithe arís go €85m don bhliain reatha agus a chuirfidh ar chumas mo Roinne dlús a chur le cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 ar mhaithe le soláthar seirbhísí Stáit do phobal labhartha na Gaeilge a fheabhsú.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.