Written answers

Thursday, 17 February 2022

Department of Rural and Community Development

Seirbhísí Farantóireachta

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

41. To ask the Minister for Rural and Community Development cén stádas atá ag an gconradh le haghaidh seirbhís farantóireachta ghasta atá le riaradh idir Toraigh agus an mhórthír; an dtig léi sonraí a thabhairt faoin gconradh seo, mar shampla cén dáta a thosóidh an tseirbhís nua seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [8291/22]

Photo of Heather HumphreysHeather Humphreys (Cavan-Monaghan, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé mar chuid lárnach de pholasaí na Roinne seo a chinntiú go bhfuil teacht ag pobail oileánda na tíre  ar sheirbhísí farantóireachta, lastais agus aeir ar féidir brath orthu.. Cuirtear na seirbhísí seo ar fáil do oileánaigh ó cheann ceann na bliana ar phraghas atá réasúnach, rud a chuidíonn go mór leis na pobail sin leanúint orthu ag maireachtáil ar na h-oileáin.

Tá an t-seirbhís farantóireachta gasta ó Oileán Thoraigh go dtí an mórthír áirithe mar cheann dos na seirbhísí sin. Mar is eol don Teachta, reáchtáil mo Roinn trí chomórtas soláthair poiblí ar mhaithe leis an t-seirbhís sin a chur ar fáil do phobal Thóraigh. Tá athbhreithniú breithiúnach iarrtha ag duine dos na forthairgeoirí ar thoradh an chomórtais is deireanaí a ritheadh i 2019. Tá an cás fós os comhar na h-Árd Chúirte agus go dtí go dtiocfaidh deireadh leis an bpróiseas sin, tá cosc ar an Roinn an conradh a bhronnadh.

Tá an t-athbhreithniú breithiúnach ag tógáil níos faide le réiteach nár mar a ceapadh ag tús an phróiseas. Tuigeann an Roinn an cruatan a bhíonn ar phobal Thóraigh, go hairithe le linn an Gheimhridh, nuair nach bhfuil fáil ar an t-seirbhís seo.  Dhá réir, tá mo Roinn ag fiosrú na féidearthachtaí a bhaineann le comórtas poiblí eile a reáchtáil ar mhaithe le conradh eatramhach farantóireachta gasta a chuir in áit do phobal Thóraigh.  Tá an obair seo dhá dhéanadh faoi láthair agus tá súil agam go mbeidh toradh dearfach air go luath.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.