Written answers

Thursday, 17 February 2022

Department of Rural and Community Development

Seirbhísí Farantóireachta

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

27. To ask the Minister for Rural and Community Development cad é stádas an bháid farantóireachta nua atá saincheaptha d’Oileán Thoraigh; cén uair a bheidh an bád réidh le seoladh; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [8290/22]

Photo of Heather HumphreysHeather Humphreys (Cavan-Monaghan, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá dearadh agus coimisiúnú an bháid fharantóireachta nua do Oileán Thoraigh ag brath ar cíbe forbairt a dhéantar ag an chéibh ag Machaire Rabhartaigh ar an mórthír as a dhéantar freastal ar Oileán Thoraigh.  Tá dlúth nasc idir an dá thionscadal agus tá siad beirt liostáilte faoin bPlean Forbartha Náisiúnta 2040.

Is Comhairle Chontae Dhún na nGall atá freagrach as an gcé ag Machaire Rabhartaigh. Tuigtear dom go bhfuil oifigigh mo Roinne ag obair go coinsiasach le Comhairle Chontae Dhún na nGall chun réitigh a aithint don dúshlán a bhaineann leis an mbealach isteach chun na céibhe. Faoi láthair ní féidir le báid dul isteach nó amach as an gcé ag amanna áirithe be bharr taoide íseal nó droch aimsir. 

A luaithe agus atá soiléireacht maidir leis an rogha forbartha don ché/bealach isteach ag Machaire Rabhartaigh, ansin beifear ábalta tabhairt faoi na céimeanna i dtreo an bháid nua a choimisiúnú.

Mar sin, tá sé ró- luath sa phróiseas forbartha ag an am seo chun amchlár a thabhairt ar sholáthar an bháid nua, ach é sin ráite is féidir liom a dheimhniú don Teachta go bhfuil mo Roinn tiomanta chun an dá fhiontar a sheachadadh a luaithe agus is féidir, d'fhonn réiteach fad téarmach ar rochtain réidh chuig an oileán a sholáthar.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.