Written answers

Thursday, 10 February 2022

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Údarás na Gaeltachta

Photo of Thomas PringleThomas Pringle (Donegal, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

263. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cad iad na pleananna atá ar bun ag a Roinn chun toghchán a eagrú do Bhord Údarás na Gaeltachta, cén uair a bheidh sé ar siúl agus cá mhéad Comhalta i ngach réigiún a bheidh le toghadh ar an mBord nua; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [7115/22]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, luaitear sa Chlár Rialtais go ndéanfar athbhreithniú ar struchtúir fheidhmiúcháin agus rialachais Údarás na Gaeltachta, agus ar an bpróiseas roghnúcháin/toghacháin i ndáil le Bord an Údaráis

Maidir le hathbhreithniú ar an bpróiseas roghnúcháin/toghacháin atá i bhfeidhm maidir le Bord Údarás na Gaeltachta, rinne an Oifig um Sholáthar Rialtais (OGP) comórtas a reáchtáil - ar iarratas mo Roinne, den dara uair le gairid i dtreo sainchomhairleoireacht a aimsiú le tabhairt faoin athbhreithniú agus moltaí ina leith a chur faoi bhráid na Roinne.

Ós rud é, áfach, nach bhfuarthas aon tairiscint de thoradh an dara chomórtais seo, tá na chéad chéimeanna eile á mbreithniú ag an Roinn faoi láthair i gcomhar leis an OGP i dtreo sainchomhairleoireacht cáilithe go cuí a aimsiú don chúram.

Mar chuid den athbhreithniú, tá sé i gceist ag an Roinn próiseas comhairliúcháin phoiblí a eagrú faoina dtabharfar an deis don phobal tuairimí agus moltaí faoin ábhar a roinnt i scríbhinn leis an Roinn. Seolfar an próiseas sin gan mhoill.

Is de thordh é seo uile a ndéanfar an scéal a bhreithniú maidir le struchtúr an bhoird.

Faoin socrú atá i bhfeidhm faoi láthair maidir le struchtúr Bhord an Údaráis agus faoi réir fhorálacha ábhartha Acht na Gaeltachta 2012, ainmníonn na hÚdaráis Áitiúla a bhfuil ceantar Gaeltachta faoina gcúram acu cúigear comhalta faoi seach chuig an mbord agus roghnaítear an seachtar comhalta eile tríd comórtas poiblí a eagraítear faoi scáth na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.