Written answers

Tuesday, 8 February 2022

Department of Education and Skills

An Chomhairle Mhúinteoireachta

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

430. To ask the Minister for Education and Skills cén fáth nach bhfuil seirbhís trí Ghaeilge ar fáil do mhúinteoirí agus do theagascóirí le clárú nó le clárúchán a athnuachan don Chomhairle Mhúinteoireachta; ós rud é nach bhfuil an tseirbhís ar fáil i nGaeilge ar líne cén uair a bheidh sí ar fáil; cén socrú a dhéanfar dóibh siúd ar mian leo clárú nó athnuachan a dhéanamh i nGaeilge ar a mballraíocht den Chomhairle Mhúinteoireachta, ní atá éigeantach chun íocaíocht a fháil; cén comhlacht a fostaíodh chun an suíomh nua idirghníomhach a thabhairt isteach; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [6330/22]

Photo of Norma FoleyNorma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an Chomhairle Mhúinteoireachta ag obair faoi láthair ar na céimeanna deiridh de thairseach bunachar sonraí clárúcháin TF agus clárúcháin do mhúinteoirí atá feabhsaithe a chur i bhfeidhm. Nuair atá sé curtha i gcrích, cuirfidh sé na próisis chlárúcháin uile ar fáil sa dá theanga. Tar éis próisis sholáthair a reáchtáladh i gcomhréir le treoirlínte an rialtais, ceapadh Silverbear mar an rogha soláthraí leis an gcóras a fhorbairt i gcomhairle leis an gComhairle. Tá an córas á chur i bhfeidhm ar bhonn céimnithe. Nuair atá na gnéithe ar fad eisithe agus aon fhadhbanna a thagann chun cinn réitithe, déanfar an córas iomlán a mhacasamhlú as Gaeilge. Is léir don Chomhairle gurb é seo an modh is éifeachtaí agus is éifeachtúla leis an mbunachar sonraí clárúcháin a chur ar fáil sa dá theanga tar éis iniúchadh a dhéanamh ar roghanna éagsúla eile. Táthar ag súil go mbeidh córas clárúcháin atá ag feidhmiú ina iomláine sa dá theanga ar fáil faoi lár an Fhómhair, 2022.

Más mian le múinteoir dul i mbun na bpróiseas clárúcháin ar nós clárú a athnuachan, iarratas ar shíneadh ama a chur isteach srl. is féidir leis/léi é seo a dhéanamh as Gaeilge ar an leagan Béarla den bhunachar sonraí clárúcháin. Faoi láthair, is féidir gach téacs saor in aisce a chur isteach as Gaeilge. Mura mian le múinteoir an t-eolas a chur isteach sa chóras Béarla as Gaeilge, cuirfidh an Chomhairle réitigh eile ar fáil. Réiteach amháin den sórt sin atá ar fáil faoi láthair ná foirm athnuachana ar páipéar as Gaeilge. Chomh maith leis sin, ba mhaith leis an gComhairle a dheimhniú go ndéanann córas na Comhairle gach ríomhphost agus teachtaireacht SMS maidir leis na próisis chlárúcháin a eisiúint sa dá theanga.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.