Written answers

Tuesday, 8 February 2022

Department of Education and Skills

Oideachas trí Ghaeilge

Photo of Donnchadh Ó LaoghaireDonnchadh Ó Laoghaire (Cork South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

405. To ask the Minister for Education and Skills cén dul chun cinn atá déanta ar an athbhreithniú ar chóras na ndíolúintí ó staidéar ar an nGaeilge a gheall an tAire Oideachais i Lúnasa 2019; an bhfuil sí ag cloí leis an tagairt i gCiorclán 0053/2019, lch. 7, go ndéanfar athbhreithniú tosaigh ar fhorfheidhmiú an chiorcláin tar éis an chéad dá bhliain dá chur i bhfeidhm agus go tréimhsiúil ina dhiaidh sin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [5951/22]

Photo of Donnchadh Ó LaoghaireDonnchadh Ó Laoghaire (Cork South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

407. To ask the Minister for Education and Skills i bhfianaise na bhfigiúr a nochtadh san athbhreithniú ar chóras na ndíolúintí ó staidéar ar an nGaeilge, an féidir leí seasamh leis an ráiteas i gCiorclán 0053/2019 Níor cheart díolúine a dheonú ach amháin i gcúinsí eisceachtúla; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [5953/22]

Photo of Donnchadh Ó LaoghaireDonnchadh Ó Laoghaire (Cork South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

409. To ask the Minister for Education and Skills cén pleananna atá ag a Roinn cúrsaí Gaeilge a chur ar fáil do dhaltaí scoláirí a fuair a gcuid oideachais iasmuigh den Stát le nach mbeadh orthu díolúine ó staidéar ar an nGaeilge a lorg; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [5955/22]

Photo of Donnchadh Ó LaoghaireDonnchadh Ó Laoghaire (Cork South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

410. To ask the Minister for Education and Skills cathain a fhoilseoidh sí an fhianaise thaighde atá mar bhunús do bhronnadh díolúintí ó staidéar ar an nGaeilge; agus an aontaíonn sí nach bhfuil an cur chuige ag teacht le beartais chuimsitheacha na Roinne Oideachais; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [5956/22]

Photo of Norma FoleyNorma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I propose to take Questions Nos. 405, 407, 409 and 410 together.

Tá sé i gceist agam PQ 5951, 5953, 5955 & 5956 a thógáil le chéile.

Is féidir liom a dheimhniú don Teachta, de réir mhír 7 de chiorclán 0052/2019 (Bunscoileanna) agus mír 8 de chiorclán 0053/2019 (Iar-bhunscoileanna), ina ndeirtear go ndéanfar “athbhreithniú tosaigh ar fhorfheidhmiú an Chiorcláin tar éis an chéad dá bhliain dá chur i bhfeidhm agus go tréimhsiúil ina dhiaidh sin”, go bhfuil tús curtha ag an Roinn le hathbhreithniú dá leithéid agus go bhfuil an t-athbhreithniú seo ag céim luath.

Beidh an Teachta ar an eolas gur tháinig Ciorcláin 0052/2019 agus 0053/2019 in ionad ciorcláin roimhe sin a rialaíonn díolúine do scoláirí ó staidéar na Gaeilge agus a chuireann treoir ar fáil do scoileanna nuair a bhíonn iarratais ar dhíolúine á mbreithniú acu ó thús na bliana acadúla 2019. Bhí na ciorcláin bunaithe ar thaighde a rinne Cigireacht na Roinne Oideachais agus ar phróiseas comhairliúcháin poiblí ónar tháinig líon freagairtí nach bhfacthas a leithéid cheana, le 11,109 duine aonair ag roinnt a dtuairimí i suirbhé ar líne agus 24 eagraíocht agus 125 duine aonair ag soláthar aighneachtaí i scríbhinn.

In 2019, d’fhoilsigh Cigireacht na Roinne Oideachais Tuarascáil Taighde:Athbhreithniú ar Bheartas agus Cleachtas maidir le Díolúintí ó Staidéar na Gaeilgewww.gov.ie/pdf/30515/ in 2019 mar aon leis an Tuarascáil ar an gComhairliúchán Poiblí ar dhíolúintí ó bheith ag déanamh staidéir ar an nGaeilgewww.gov.ie/pdf/47023/ and agus tá an da dhoiciméad ar fáil go fóill don phobal.

Bhí Ciorcláin 0052/2019 agus 0053/2019 bunaithe freisin ar pholasaí na Roinne ar riachtanais speisialta oideachais agus ar fhoghlaim teangacha. Tá athbhreithniú cuimsitheach déanta le blianta beaga anuas ar churaclaim Gaeilge na bunscoile agus na hiar-bhunscoile. Tar éis taighde fairsing agus próisis chomhairliúcháin láidre a dhéanamh, tugadh isteach, ó Mheán Fómhair 2019, Curaclam Teanga na Bunscoile/Primary Language Curriculum (CTB/PLC) nua do gach céim sa bhunscoil. Is curaclam teanga comhtháite é an CTB/PLC agus is do mhúinteoirí é a bhfuil leanaí de gach cumas i ngach comhthéacs scoile – scoileanna atá ag feidhmiú trí mheán an Bhéarla, scoileanna Gaeltachta, scoileanna lán-Ghaeilge agus scoileanna speisialta – faoina gcúram. Aithníonn agus tacaíonn an curaclam le rannpháirtíocht daltaí le Gaeilge agus Béarla ag céimeanna agus luasanna éagsúla le linn a dturas foghlama teanga. Soláthraíonn na Contanaim Dul Chun Cinn i gCuraclam Teanga na Bunscoile creat do mhúinteoirí chun céim forbartha teanga an dalta a aithint agus chun idirghabhálacha a phleanáil a thacaíonn le forbairt scileanna agus inniúlachtaí teanga Gaeilge agus Béarla ar bhealach comhtháite, ina gcruthaítear naisc trasna agus laistigh de na teangacha agus ina n-éascaítear aistriú scileanna idir teangacha. Don chéad uair, in 2017, tugadh isteach sonraíochtaí idirdhealaithe (T1 agus T2) don Ghaeilge sa tSraith Shóisearach. Cruthaíonn cur chuige na dtorthaí foghlama atá leagtha amach sa CTB agus i sonraíochtaí na sraithe sóisearaí an-solúbthacht ar fad chun tacú le cur chuige idirdhealaithe i leith forbairt scileanna Gaeilge gach dalta lena n-áirítear iad siúd a chláraíonn ó thar lear. Níl aon phleananna ag an am seo chun aon soláthar eile curaclaim a dhéanamh don Ghaeilge. In ainneoin sin, aithnítear sna Ciorcláin go mbíonn cúinsí eisceachtúla ann inar féidir díolúine ó staidéar na Gaeilge a dheonú do scoláire. Tá na cúinsí eisceachtúla sin leagtha amach i Mír 2.2 den Chiorclán ábhartha.

Mar a tharlaíonn nuair a thugtar isteach aon athrú curaclaim, rinneadh cláir forbartha gairmiúla fairsinge agus leanúnacha a fhorbairt chun tacú le múinteoirí an CTB agus na sonraíochtaí nua do Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí a chur i bhfeidhm. Déanann seirbhísí tacaíochta múinteoirí na roinne aiseolas a éileamh ó mhúinteoirí ar bhonn leanúnach lena chinntiú go bhfreastalaítear ar na riachtanais forbartha gairmiúla atá acu.

Ar aon dul le polasaithe eile na roinne i réimse riachtanais speisialta oideachais, tá na ciorcláin ar dheonú díolúintí ó staidéar na Gaeilge tar éis bogadh ó shamhail dhiagnóiseach catagóiriúil chuig samhail riachtanais-bhunaithe. Mar shampla, ní gá anois tuairisc shíceolaíoch nó triail éirime a chur ar fáil agus ní hiad tuarascálacha seachtracha ná tástálacha an príomhdhoiciméad tacaíochta chun díolúine ó staidéar na Gaeilge a dheonú atá mar chúram don scoil.

Photo of Donnchadh Ó LaoghaireDonnchadh Ó Laoghaire (Cork South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

406. To ask the Minister for Education and Skills maidir le daltaí bunscoile agus scoláirí iar-bhunscoileanna a mbíonn deacrachtaí suntasacha foghlama leanúnacha acu, cad iad na staitisticí do líon na ndíolúintí in 2019-2020 agus 2020-2021 i gcomparáid leis na blianta 2016-2019; cén tionchar a bhí ag na critéir nua ar na figiúirí sin agus ar an gcritéar Scór Caighdeánaithe ar thástáil scoite sa Léitheoireacht Focal, sa Léamhthuiscint nó sa Litriú a bheith bainte amach ag/faoi bhun an 10ú peircintíl go háirithe; agus cé mhéad díolúintí a bronnadh de bharr toradh amháin ar thástáil scoite na Léitheoireachta Focal, na Léamhthuisceana nó an Litrithe. [5952/22]

Photo of Donnchadh Ó LaoghaireDonnchadh Ó Laoghaire (Cork South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

408. To ask the Minister for Education and Skills i bhfianaise na bhfigiúr a nochtadh san athbhreithniú ar chóras na ndíolúintí ó staidéar ar an nGaeilge, an dóigh leí go bhfuil cur chuige oideachais cuimsitheach á chur i bhfeidhm sna scoileanna maidir le rochtain a thabhairt do gach dalta scoláire ar fhoghlaim na Gaeilge de réir a chumais féin nó a cumais féin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [5954/22]

Photo of Norma FoleyNorma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I propose to take Questions Nos. 406 and 408 together.

Tá sé i gceist agam PQ 5952 agus 5954 a thógáil le chéile.

Tá na curaclaim Ghaeilge ag an mbunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal ann do gach scoláire. Ina ainneoin sin, glactar leis go mbíonn cúinsí eisceachtúla ann ina bhféadfadh scoileanna breathnú maidir le díolúine ó staidéar na Gaeilge a dheonú agus tá na cúinsí eisceachtúla sin leagtha amach i Mír 2.2 de na Ciorcláin ábhartha. Tacaítear le scoileanna teacht ar chinneadh trí na nósanna imeachta maidir le díolúintí ó staidéar na Gaeilge a dheonú atá leagtha amach i Mír 2.3 den Chiorclán ábhartha agus atá mionsonraithe sna Treoirlínte a ghabhann leis sin. Caithfidh scoileanna faisnéis staitistiúil a sholáthar don roinn maidir leis an líon agus na forais ar a ndéantar díolúintí a dheonú trí úsáid a bhaint as as an mBunachar Sonraí Ar Líne do Bhunscoileanna (POD) nó as an mBunachar Sonraí Ar Líne d’Iar-bhunscoileana (P-POD) de réir mar is cuí. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach bhfuil scór gnóthachtála litearthachta i Léamh Focal, Léamhthuiscint nó Litriú ag an 10ú peircintíl, nó faoina bhun sin, ach ar cheann de na critéir a chaithfear a chomhlíonadh nuair a bhíonn iarratais i gceist faoi fhomhír 2.2.c. den chiorclán ábhartha. Ina theannta sin, caithfidh daltaí a bheith i rang a dó ar a laghad agus deacrachtaí suntasacha leanúnacha foghlama a bheith acu in ainneoin fáil a bheith acu ar chur chuige idirdhealaithe i leith foghlaim na teanga agus na litearthachta thar thréimhse ama.

Caithfidh scoileanna gach díolúine a dheonaítear ó staidéar na Gaeilge a chlárú ar an mbunachar sonraí ábhartha ar líne lena n-áirítear iad siúd inar roghnaigh dalta gan díolúine a deonaíodh i scoilbhliain ar leith a fheidhmiú. Dá bhrí sin níl staitisticí ar fáil maidir le líon na ndíolúintí atá á bhfeidhmiú faoi láthair. Ina theannta sin, toisc go bhfuil na sonraí ag brath ar ionchur go díreach ó na scoileanna, déanann an roinn na staitisticí a mheas mar staitisticí sealadacha go dtí go ndeimhnítear iad. Níltear ag súil le staitisticí deimhnithe don scoilbhliain 2020/21 go dtí samhradh 2022.

Díolúintí cláraithe ar bhunachair shonraí na roinne: 2016/17 2017/18 2018/19 2019/20 2020/21
An Líon Iomlán Díolúintí a deonaíodh ar bhonn RSO (Bunscoileanna) 2954 3212 3153 1313 1863
An Líon Iomlán Díolúintí a deonaíodh ar bhonn RSO (Iar-Bhunscoileanna) 4,099 4,919 5,074 6,026 6,249

Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara gurb é cuspóir POD agus P-POD ná faisnéis staitistiúil a bhunú ar scoileanna seachas ar dhaltaí. Ní úsáidtear é chun dul chun cinn dalta aonair tríd an gcóras oideachais a rianú. Dá bhrí sin, cuimsíonn na staitisticí ar dhíolúintí a deonaíodh in iar-bhunscoileanna, mar atá cláraithe ar an P-POD, díolúintí a deonaíodh do dhaltaí sa bhunscoil agus a cláraíodh an bhliain a bhí na daltaí ag dul isteach san iar-bhunscoil. Mar sin, d’fhéadfadh go mbeadh díolúine cláraithe faoi dhó sna sonraí thuas agus d’fhéadfadh díolúintí a cláraíodh ar an P-POD do na blianta tar éis fhoilsiú chiorcláin 2019 a bheith deonaithe faoin sean-chiorclán 12/96 do Bhunscoileanna.

I gcomhthéacs na n-uimhreacha thuas, is léir go raibh laghdú suntasach ar líon na ndíolúintí a deonaíodh ar bhonn riachtanais speisialta oideachais ag leibhéal na bunscoile sna blianta acadúla 2019/20 agus 2020/21 agus is cosúil gur tháinig méadú ar an líon díolúintí a deonaíodh ag an iar-bhunleibhéal. Níl sé soiléir go fóill cad iad na tosca cúiseacha a bhfuil tionchar acu ar na staitisticí seo agus beidh siad á mbreithniú ag an Roinn i gcomhthéacs an athbhreithnithe nuair a bheidh staitisticí 2020/21 bailíochtaithe go hiomlán.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.