Written answers

Tuesday, 1 February 2022

Department of Education and Skills

Oideachas Gaeltachta

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

97. To ask the Minister for Education and Skills céard é stádas an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017 – 2022 agus a iarraidh uirthi soiléiriú a thabhairt ar aon athbhreithniú ar an bPolasaí atá críochnaithe nó atá beartaithe, go háirithe agus deireadh na tréimhse ama atá leagtha amach don Pholasaí ag teannadh linn; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [4723/22]

Photo of Norma FoleyNorma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Sheol mo Roinn an Polasaí don Oideachas Gaeltachta in 2016 mar fhreagairt straitéiseach chun dul i ngleic leis na dúshláin sochtheangeolaíocha atá roimh limistéir phleanála teanga na Gaeltachta. Tá dul chun cinn suntasach déanta i ngach gnéith den pholasaí ó cuireadh tús lena chur i bhfeidhm.

Is í an Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta, atá á gcur i bhfeidhm in 105 bunscoil agus 29 iar-bhunscoil sa Ghaeltacht, bunchloch an Pholasaí. Faoin Scéim, tá réimse tacaíochtaí agus acmhainní spriocdhírithe breise curtha ar fáil chun tacú le soláthar oideachais trí mheán na Gaeilge d’ardchaighdeán sna scoileanna Gaeltachta seo.

Tá síneadh dhá bhliain curtha le téarma na Scéime Aitheantais Scoileanna Gaeltachta go dtí deireadh na scoilbhliana 2023/2024 de bharr tionchar na paindéime ar a cur i bhfeidhm. Ciallaíonn sé seo go leanfaidh scoileanna sa Scéim ag fáil tacaíochtaí breise chun na critéir theangabhunaithe a chomhlíonadh chun aitheantas a fháil mar Scoil Ghaeltachta.

Tá Staidéar Taighde agus Meastóireachta trí bliana ar siúl faoi láthair ag an Foras Taighde ar Oideachas (FTO) i gcomhar le Cigireacht mo Roinne chun tionchar agus éifeachtacht na Scéime a mheas.

Mar chuid den taighde seo, d’fhoilsigh mo Roinn Tuarascáil Cás-Staidéir chuimsitheach ar 12 bhunscoil agus 7 n-iar-bhunscoil i Meán Fómhair 2021. Rinne an FTO na cás-staidéir seo i gcomhar leis an gCigireacht.

Tá an FTO ag leanúint le taighde a dhéanamh ar ghnóthachtáil na scoláirí agus ar thuairimí tuismitheoirí, scoláirí, múinteoirí agus príomhoidí na scoileanna rannpháirteacha. Foilseoidh mo Roinn tuarascáil ar na torthaí taighde sin in 2022.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.