Written answers
Thursday, 20 January 2022
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Fostaíocht sa Ghaeltacht
Pearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
137. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an mbeidh cúrsaí Gaeltachta ag dul ar aghaidh ag am na Cásca i mbliana; agus an mbeidh deontas atosaithe ar fáil do mhná agus d’fhir tí má tá na cúrsaí ag dul ar aghaidh i mbliana. [2208/22]
Jack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is ar an mbunús agus ar an tnúthán go mbeidh na coláistí Gaeilge athoscailte i mbliana atá an Roinn ag feidhmiú agus, dá réir, gur tríd an gcúnamh leanúnach a chuirtear ar fáil faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge a bheidh an Roinn ag teacht i gcabhair ar an earnáil go príomha mar a bhaineann sé le cúrsaí maoinithe in mbliana.
Mar is eol don Teachta, tá Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge (SFG) á riar ag mo Roinn ar mhaithe le tacú le deiseanna breise sealbhaithe agus saibhrithe teanga a chur ar fáil sa Ghaeltacht do lucht freastail iar-bhunscoileanna agus triú leibhéal na tíre. Tagann an scéim le cuspóirí foriomlána an Rialtais i leith na Gaeilge mar atá leagtha amach sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010–2030.
Beidh a fhios ag an Teachta gur bhunaigh mo Roinn trí chiste faoi leith anuraidh ar leas na hearnála arbh fhiú €4m in iomlán iad. Bhain ceann acu - ar luach €2.2m - le lucht lóistín an chórais. Níl aon amhras orm ach gur chabhraigh sé seo uile leis an earnáil teacht tríd na dúshláin arbh éigean dúinn uile mar phobal a iompar le beagnach dhá bhliain anuas de bharr na paindéime.
Mar bheart breise le cabhrú tuilleadh leis an earnáil cuireadh in iúl do choláistí i bhfómhar 2021 go mbeifear sásta mar eisceacht, gearrchúrsaí seachtaine a aithint faoin scéim i gcás go mbeadh coláistí ag iarraidh a leithéid a eagrú chun freastal a dhéanamh orthu siúd a chaill amach ar an deis cúrsaí trí seachtaine a dhéanamh de dheasca COVID-19.
Ní gá a rá go leanfaidh mo Roinn ag coinneáil an scéal ar fad faoi bhreithniú i gcomhar le páirtithe leasmhara - ag súil leis i rith an ama go mbeidh athoscailt iomlán i ndán don chóras sa tréimhse atá amach romhainn.
No comments