Written answers
Thursday, 20 January 2022
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Maoiniú Comharchumann agus Comhlachtaí Pobalbhunaithe
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
129. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén t-airgead breise atá curtha ar fáil d’Údarás na Gaeltachta don bhliain 2022 le haghaidh na gcomharchumann agus na n-eagraíochtaí pobalbhunaithe Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [1361/22]
Jack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is as an soláthar airgid a chuirtear ar fáil go bliantúil d'Údarás na Gaeltachta faoi fhomhír C7 de Vóta mo Roinne a chuirtear cúnamh ar fáil d’eagraíochtaí pobalbhunaithe agus comharchumainn Ghaeltachta. Ina thaobh sin, tá €5.75 milliún curtha ar fáil don Údarás faoin bhfómhír seo do 2022. Is ionann sin agus allúntas breise ar fiú €1m é le hais allúntas 2021. Cuirfidh sé seo ar chumas an Údaráis tuilleadh airgid a chur i dtreo na gcomharchumann agus na n-eagraíochta pobalbhunaithe ar fud na Gaeltachta, chun tacú leo a gcláir oibre a chur i bhfeidhm.
Mar is eol don Teachta, is é Údarás na Gaeltachta - faoi stiúir foriomlán bhord na heagraíochta - a dhéanann an chistíocht seo seo a bhainistiú agus a dháileadh i gcomhréir leis na tosaíochtaí mar a aithníonn siad féín iad.
Aithnítear go forleathan, ar ndóigh, an tábhacht ollmhór atá ag baint leis na comharchumainn agus na heagraíochtaí pobalbhunaithe Gaeltachta a chuireann réimse leathan seirbhísí, áiseanna agus tacaíochtaí ar fáil ina gceantair feidhme.
No comments