Written answers

Thursday, 20 January 2022

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Cúrsaí Gaeilge

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

122. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén teagmháil atá déanta ag a Roinn leis an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta maidir leis an caighdeáin inniúlachta sa Ghaeilge ar chóir a shocrú agus a mheas i gcás cead pleanála do forbairtí sa Ghaeltacht chun cás sochtheangeolaíoch na Gaeltachta a chosaint; an bhfuil sí sásta aon chomhfhreagras idir an dá Roinn maidir leis an ábhar seo a fhoilsiú; agus an aontaíonn sí gur chóir an caighdeán inniúlachta a shocrú ag leibhéal B2 de réir an Chomhchreat Tagartha Eorpach um Theangacha chun a chinntiú gur féidir le daoine rannpháirtíocht a ghlacadh sa phobal labhartha Gaeltachta ina bhfuil siad ag lorg teach. [2634/22]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, is ag an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta  atá an fhreagracht maidir leis an Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000  - faoina dtagann gnóthaí i ndáil le cúrsaí pleanála agus tithíochta sa Ghaeltacht. 

Faoi réir alt 10(2)m den Acht Um Pleanáil agus Forbairt 2000 is gá go ndéanfadh plean forbartha cúram do chosaint oidhreacht teanga agus cultúrtha na Gaeltachta lena n-áirítear an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga an phobail, i gcás ina mbeidh limistéar Gaeltachta i limistéar an phlean forbartha.  

Luaitear in alt 28(1) de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001, go bhfuil sé de dhualgas ag údaráis phleanála dul i dteagmháil le mo Roinn agus le hÚdarás na Gaeltachta le tuairimí a lorg i gcás iarratais ar chead pleanála a d'fhéadfadh tionchar a imirt,  i dtuairim an údaráis phleanála, ar  chur chun cinn na Gaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht.

Níor mhiste dom a lua go bhfuil mo Roinn agus Údarás na Gaeltachta i mbun plé leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta le roinnt míonna anuas maidir leis an gcóras pleanála mar a bhaineann sé le feidhmiú na bhforálacha thuasluaite ach go háirithe. Is é aidhm lárnach an phlé sin breathnú ar chonas a d'fhéadfaí na cleachtais reatha maidir le feidhmiú na bhforálacha a threisiú ar leas foriomlán na Gaeilge sa Ghaeltacht. Tá an cheist maidir le gnóthaí inniúlachta sa Ghaeilge mar a bhaineann sé le cúrsaí pleanála á breithniú mar chuid den phlé sin sin trí chéile.

Níl sé i gceist ag ceachtar Roinne comhfhreagras maidir leis seo a fhoilsiú ag an bpointe ama seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.