Written answers
Thursday, 20 January 2022
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Acht na dTeangacha Oifigiúla
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
114. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an dtabharfaidh sí soiléiriú ar an gcoiste comhairleach atá beartaithe faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 arna leasú le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021; cathain a bheidh an coiste i bhfeidhm; cé a bheidh ar an gcoiste; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [2443/22]
Jack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Mar is eol don Teachta, faoi réir fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 beidh coiste reachtúil, An Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge, á bhunú chun Plean Náisiúnta a fhoilsiú ar mhaithe le soláthar seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge a mhéadú.
Mar atá leagtha amach san Acht, déanfaidh mé, le hordú, lá a cheapadh, tráth nach déanaí ná 6
mhí tar éis Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 a rith, chun bheith ina lá bunaithe an Choiste chun críocha an Achta. Tá comhaltas agus feidhmeanna an Choiste Chomhairligh leagtha amach sa Bhille ach beidh Cathaoirleach agus líon gnáthchomhaltaí nach lú ná 5 ná nach mó ná 10 ar an gcoiste. San áireamh sna gnáthchomhaltaí beidh ionadaí do mo Roinn-se, ionadaí don Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, ionadaí don tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, 6 chomhalta eile ar a mhéid a bheidh ainmnithe ag comhlachtaí poiblí, ionadaí do Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta agus ionadaí do limistéir den Stát nach Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta é.
Tá tús curtha ag oifigigh mo Roinne leis an obair le feidhm a thabhairt d’fhorálacha an Achta leasaithe sa tréimhse romhainn.
No comments