Written answers

Thursday, 20 January 2022

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Údarás na Gaeltachta

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

111. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht maidir le Ceist Pharlaiminte Uimhir 108 ar an 11ú Samhain 2021, an dtabharfaidh sí soiléiriú ar an athbhreithniú atá idir lámha ag Údarás na Gaeltachta maidir leis na córais agus leis an gcur chuige atá i bhfeidhm ag an Údarás faoi láthair chun tacú le cur chun cinn na Gaeilge sna cliantchuideachtaí agus ar na bealaí a dhéantar an t-ábhar a bhaineann leo a riaradh; cén uair a thosaigh an t-athbhreithniú seo agus cathain a bheidh sé críochnaithe; cé atá i mbun oibre; cén uair a thosaigh an dara céim agus cathain a bheidh an taighde críochnaithe agus foilsithe [2442/22]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá tugtha le fios ag Údarás na Gaeltachta do mo Roinn gur cuireadh tús leis an athbhreithniú atá mar ábhar na ceiste in Earrach na bliana 2021 nuair a fostaíodh an comhlacht comhairleoireachta Meas Media le breathnú ar an gcur chuige agus na córais riaracháin atá i bhfeidhm ag an Údarás i dtaca le cur chun cinn na Gaeilge ina chuid cliantchomhlachtaí.

Tuigtear don Roinn go bhfuil céimeanna faoi leith idir lámha ag an Údarás chun cúram a dhéanamh d'fheidhmiú moltaí faoi leith a d'eascair as taighde a rinneadh mar chuid den obair sin. 

Tá an comhlacht  taighde Brioclage fostaithe ag an Údarás anois le tabhairt faoi thaighde ar na cliantchomhlachtaí féin le heolas agus tuairimí a bhailiú uathu a bheidh mar bhunús de chlár tacaíochta nua a bheidh dírithe ar na cliaintcomhlachtaí a mhealladh agus a spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid agus a chur chun cinn ina ngnólachtaí.

Díreofar an taighde seo ar eolas, aischothú agus moltaí a bhailiú trí agallaimh díreacha a dhéanamh le hionadaithe as 15 cliantcomhlachta agus trí shuirbhé ar-líne a dhéanamh a áiríonn 100 cliantchomhlacht eile.

Tá an tÚdarás ag súil go mbeidh an taighde seo críochnaithe faoi dheireadh Mhárta agus tuairisc curtha faoina bhráid i mí Aibreáin 2022.

Déanfar na moltaí a thiocfaidh chun cinn a thabhairt san áireamh mar chuid den athbhreithniú atá á dhéanamh ag an Údarás ar na tacaíochtaí atá ar fáil aige dá chliantchomhlachtaí i leith cur chun cinn na Gaeilge ina chuid cliantchomlachtaí.

Tacóidh sé seo uile leis an obair leanúnach atá ar bun agus beartaithe mar chuid d'fheidhmiú bisiúil an phróisis pleanála teanga mar a bhaineann sé leis na ceantair Ghaeltachta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.