Written answers

Thursday, 20 January 2022

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Údarás na Gaeltachta

Photo of Mairead FarrellMairead Farrell (Galway West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

102. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén dul chun cinn atá déanta maidir le toghcháin phoiblí do bhord Údarás na Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [2511/22]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, luaitear sa Chlár Rialtais go ndéanfar athbhreithniú ar struchtúir fheidhmiúcháin agus rialachais Údarás na Gaeltachta, agus ar an bpróiseas roghnúcháin/toghacháin i ndáil le Bord an Údaráis

Faoin socrú reatha maidir le struchtúr Bhord an Údaráis agus faoi réir fhorálacha ábhartha Acht na Gaeltachta 2012, ainmníonn na hÚdaráis Áitiúla a bhfuil ceantar Gaeltachta faoina gcúram acu cúigear comhalta faoi seach chuig an mbord agus roghnaítear an seachtar comhalta eile tríd comórtas poiblí a eagraítear faoi scáth na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí. 

Ar mhaithe le beart a dhéanamh de réir bhriathar an ghealltanais, tá comórtas á reáchtáil in athuair ag an Oifig um Sholáthar Rialtais (OGP) ar iarratas na Roinne i dtreo sainchomhairleoireacht a aimsiú le tabhairt faoin athbhreithniú ar an bpróiseas roghnúcháin/toghcháin i ndáil le Bord Údarás na Gaeltachta. Tá an 28 Eanáir mar spriocdháta chun tairiscintí a chur isteach don chomórtas seo agus táthar ag súil leis go gcuirfear tús leis an athbhreithniú go gairid ina dhiaidh sin.

Mar chuid den athbhreithniú, tá sé i gceist ag an Roinn an deis a thabhairt don phobal a dtuairimí agus a moltaí faoin ábhar a léiriú trí phróiseas comhairliúcháin phoiblí a sheolfar go luath.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.