Written answers

Wednesday, 19 January 2022

Department of Agriculture, Food and the Marine

An Teanga Gaeilge

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

2033. To ask the Minister for Agriculture, Food and the Marine an gcinnteoidh sé nach ndéanfar an chosaint dlí a léiríodh i gcás cúirte duine (sonraí tugtha) a laghdú ón 28 Eanáir ar aghaidh, agus an gcinnteoidh sé go gcosnófar cearta teanga agus cearta tomhaltóirí trí rialacháin a dhéanamh á fhorordú go mbeidh lipéid táirgí leighis d’ainmhithe sa dá theanga oifigiúla nó sa phríomhtheanga oifigiúil amháin. [2664/22]

Photo of Charlie McConalogueCharlie McConalogue (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tagann Rialacháin Cógas Tréidliachta 2019/6 an AE in éifeacht ar an 28 Eanáir 2022. Ceadaíonn Airteagal 7 den Rialachán do Bhallstáit cinneadh a dhéanamh maidir leis an teanga a theastaíonn ar achoimre saintréithe táirge, lipéadú agus ar bhileog phacáiste táirgí íocshláinte tréidliachta atá á gcur ar fáil ar an margadh. Cé go bhfuil an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus an Rialtas ag leanúint ar aghaidh ag tacú go hiomlán le cosaint agus cearta foriomlána tomhaltóirí shaoránaigh na hÉireann chomh fada is a bhaineann leis an nGaeilge, ní mór breithniú a dhéanamh freisin ar na himpleachtaí ar tháirgeadh, soláthar, úsáideoir, margadh agus sláinte agus leas ainmhithe a bhaineann leis an gceanglas go mbeadh 2 theanga in úsáid ar lipéadú agus ar phacáistiú táirgí. Maidir le cógais tréidliachta, is margadh beag soláthair é Éire agus dá réir sin, tá táirgí le haghaidh mhargadh na hÉireann forbartha bunaithe ar dhélipéadú leis an margadh is cóngaraí agus i bhfad níos mó atá béal dorais linn, an Ríocht Aontaithe. Chuir an tÚdarás Rialála Táirgí Sláinte, rialálaí náisiúnta cógas daonna agus tréidliachta, in iúl do Rialtas na hÉireann, go bhféadfadh impleachtaí tromchúiseacha a bheith ag srianta teanga a bhunú i ndáil le cógais tréidliachta a bhfuil sé beartaithe iad a dhíol ar mhargadh na hÉireann ar sholáthar leanúnach agus fadtéarmach cógas, rud a mbeadh iarmhairtí diúltacha aige ar shláinte agus leas ainmhithe, agus a d’fhéadfadh rochtain ar tháirgí agraibhia na hÉireann ar ár margaí idirnáisiúnta a chur i mbaol.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.