Written answers
Wednesday, 19 January 2022
Department of Agriculture, Food and the Marine
Seirbhísí Oileán
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
1994. To ask the Minister for Agriculture, Food and the Marine an bhfuil sé i gceist aige go dtabharfar pasanna d’oileánaigh as na hOileáin Árann le go gceadófar dóibh páirceáil saor in aisce sa gcarr clóis poiblí atá gar don ché farantóireachta i Ros a’Mhíl, ós rud é go bhfuil na socruithe atá i bhfeidhm faoi láthair mífheiliúnach, mar a míníodh dó nuair a thug sé cuairt ar Ros a’Mhíl i mí Dheireadh Fómhair; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [2029/22]
Charlie McConalogue (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
I láthair na huaire, tá cónaitheoirí Oileáin Árann, trí ionadaithe Chomharchumann Forbartha Árann Teo., Comhar Caomhán Teo., Coiste Páirceála Carranna Inis Oírr agus Inis Meáin, ceadúnaithe chun páirceáil in Ionad Chalafort Iascaigh Ros an Mhíl. Cosnaíonn an ceadúnas seo €10 sa bhliain agus tá áiseanna páirceála á gcur ar fáil le haghaidh breis is 160 feithicil. D’iarr mé ar mo Roinn labhairt leis an gceadúnaí maidir leis na háiseanna páirceála do charranna ag an gcalafort.
No comments