Written answers

Wednesday, 19 January 2022

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Acht na dTeangacha Oifigiúla

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

443. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an ndéanfaidh sí cóip, mar a bhí geallta, de na dréacht-Chaighdeáin Teanga a ullmhaíodh i gcomhair Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021, agus den ghrinnscrúdú réamhreachtach a bhí déanta ar an mBille sin sular achtaíodh é, a chur faoi mo bhráid, agus cén dáta faoina mbeidh Caighdeáin Teanga forordaithe aici chun an tAcht a chur i bhfeidhm. [2659/22]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, tá próiseas leagtha síos faoi Alt 19 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 maidir le foilsiú na gcaighdeán teanga a bheifear ag tabhairt isteach faoin Acht. Leagtar síos san alt sin go gcaithfidh an tAire dul i gcomhairle le grúpaí éagsúla, an Choiste Chomhairleach atá le bunú san áireamh, maidir le comhairle a fháil uathu ar na dréacht caighdeáin. Beidh an Choiste Chomhairleach á bhunú ag an Aire tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 a rith. Tá tús curtha ag m'oifigigh leis an obair chun an Coiste a bhunú a bhfuil próiseas earcaíochta a bheidh á reáchtáil ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí ina leith.

Anuas air sin, leagtar amach go ndéanfaidh an tAire dréacht de na caighdeáin a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Roinne agus  go dtabharfar 3 mhí, ón dáta foilsithe, don phobal chun tuairimí a sholáthar don Aire ar na dréachtchaighdeáin sin. 

Maidir leis an ghrinnscrúdú réamhreachtach a rinneadh ar an mBille, tuigtear dom go bhfuil cóip le fáil ó Thithe an Oireachtas. Mar áis don Teachta, tá an díospóireacht ar an ábhar ar fáil ag an nasc seo:

www.oireachtas.ie/en/debates/debate/comhchoiste_na_gaeilge_na_gaeltachta_agus_na_noilean/2018-04-17/3/

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.