Written answers
Wednesday, 19 January 2022
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Foras na Gaeilge
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
428. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén plé a bhí idir a Roinn agus Foras na Gaeilge maidir le teidlíochtaí pinsin a thabhairt d’iarfhostaithe Bhord na Leabhar Gaeilge; ar aistríodh a fheidhmeanna chuig Foras na Gaeilge in 2008, don tréimhse a bhí siad le Bord na Leabhar Gaeilge; cén uair a dhéanfar cinneadh faoin gceist seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [1379/22]
Jack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá athbhreithniú déanta ag mo Roinn ar an gcás maidir le iarfhostaithe Bhord na Leabhar Gaeilge agus a n-iarratas go n-aithneofaí a dtréimhse seirbhíse le Bord na Leabhar Gaeilge mar sheirbhís chun críche pinsin de chuid na seirbhíse phoiblí. Tá mo Roinn i dteagmháil leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe faoi láthair maidir leis an gcás áirithe seo féachaint an féidir teacht ar réiteach ina leith.
No comments