Written answers

Wednesday, 19 January 2022

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

An Teanga Gaeilge

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

414. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén gníomh atá beartaithe aici chun a chinntiú go mbeidh dátheangachas i bhfeidhm i bpacáistiú táirgí de gach saghas anois go bhfuil sé beartaithe ag an gCúirt Achomhairc i gcás duine (sonraí tugtha) go bhfuil daoine i dteideal an Ghaeilge a bheith ar fáil dóibh mar chainteoirí Gaeilge agus mar thomhaltóirí, agus chun a chinntiú nach ndéanfar sárú ar aon treoirithe de chuid an Aontais Eorpach a thuilleadh. [2662/22]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ba mhaith liom a mheabhrú don Teachta go bhfuil  tiomantas tugtha sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030, Réimsí Gnímh 6.8 – An Saol Eacnamaíochta, maidir le Lipeadú agus Pacáistiú dátheangach. Gealltar go féachfaidh an Rialtas an bhféadfaí cód deonach a thabhairt isteach do lipéadú agus do phacáistiú dátheangach i gcás gach earra a dhíoltar in Éirinn. D’fhéadfaí an gníomh sin a úsáid mar mheicníocht chun forbairt a dhéanamh ar raon na réimsí inar féidir le daoine Gaeilge a roghnú mar theanga tráchtála.

Chomh maith leis sin, sonraíonn Alt 2.8.1.2 de Phlean Gníomhaíochta Gaeilge an Rialtais 2018-2022 go soláthróidh Foras na Gaeilge, i gcomhar le páirtithe ábhartha, raon bearta le tacaíocht a sholáthar d'úsáid na Gaeilge in earnáil an ghnó agus sa saol eacnamaíochta. Chuige sin, tá Foras na Gaeilge i mbun:

- Scéim tacaíochta maoinithe dírithe ar Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide: Scéim deontais í seo ina bhfuil maoiniú meaitseála oiread agus €3,000 ar fáil chun tacú le comharthaíocht, stáiseanóireacht, ábhair margaíochta chlóite, suíomhanna idirlín agus ábhair brandála eile a fhorbairt go gairmiúil i nGaeilge nó go dátheangach

- Pacáiste Acmhainní Tacaíochta do Ghnólachtaí: Tá 31 saináis tacaíochta don earnáil ghnó ar fáil saor in aisce. Mar chuid den phacáiste tacaíochta, tá rogha comharthaí féinghreamaithe, suaitheantais, bileoga agus earraí tacaíochta eile chun cur le hinfheictheacht na Gaeilge i dtimpeallacht ghnó

- Treoirleabhráin ar Dhea-Chleachtais: Mar chuid de shraith foilseachán, foilsíodh dhá threoirleabhrán chun treoir phraiticiúil a thabhairt don earnáil gnó ar úsáid an dátheangachais: ‘Comharthaíocht Dhátheangach’ agus ‘Pacáistíocht Dhátheangach’.  Beidh an chéad treoirleabhrán eile dírithe ar úsáid an  dátheangachais go leictreonach agus ar shuíomhanna Idirlín.

- QMharc Gnó le Gaeilge: cód deonach agus córas cáilíochta nuafhorbartha don earnáil ghnó is ea ‘QMharc Gnó le Gaeilge’, atá dírithe ar aitheantas oifigiúil a thabhairt don sárchleachtas dátheangach bunaithe ar an gCaighdeán Idirnáisiúnta ISO 9001:2008. Is féidir le fiontair bheaga agus mheánmhéide ar fud oileán na hÉireann cur isteach ar an ngradam seo.

Leanfaidh oifigigh mo Roinne ag comhoibriú le Foras na Gaeilge, lena chinntiú go gcuirfear Alt 2.8.1.2 den Phlean i bhfeidhm.

Anuas ar seo, cuireann mo Roinn maoiniú ar fáil do eagraíochtaí mar Gael-Taca i gCorcaigh; Gnó Mhaigh Eo; Gaillimh le Gaeilge agus, le déanaí, Cill Dara le Gaeilge, le tacaíocht a thabhairt d’úsáid na Gaeilge i réimse an ghnó.

Tá teagmháil déanta le mo Roinn freisin ag lucht eagair feachtais atá ar bun le lipéadú dátheangach ar phacáistí a chur chun cinn agus, tá obair idir lámha ag oifigigh mo Roinn agus an féidearthacht tabhairt faoi thaighde le sprioc 6.8 thuas a bhaint amach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.