Written answers
Tuesday, 14 December 2021
Department of Communications, Climate Action and Environment
Seirbhísí Dátheangacha
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
150. To ask the Minister for Communications, Climate Action and Environment an bhfuil sé i gceist aige reachtaíocht a thabhairt isteach a chuirfeadh iachall ar An Post a chinntiú go mbeadh gach stampa a d’eiseofaí ar a laghadh dhátheangach agus an oiread céanna Gaeilge agus Béarla, nó Gaeilge amháin, orthu, ag tógáil san áireamh gurb í an Ghaeilge an teanga náisiúnta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [61925/21]
Hildegarde Naughton (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tagann an Coiste Comhairleach Stampshanais, Coiste neamhspleách ar a bhfuil gairmeoirí atá ina saineolaithe ina réimsí agus a cuireadh ar bun le comhairle a thabhairt maidir leis an ábhar do gach clár bliantúil stampaí, le chéile uair nó dhó sa bhliain chun ábhair a mholadh do An Post le cur san áireamh i gclár bliantúil stampaí An Post.
Cé nach bhfuil aon phleananna agam reachtaíocht a thabhairt isteach sa réimse seo ag an am seo, tá an t-ábhar a luadh curtha faoi bhráid An Post agam agus tá iarrtha agam orthu an togra a d’ardaigh an Teachta a bhreithniú agus an tsaincheist shonrach a ardaíodh a chur ar shúile an Choiste.
No comments