Written answers

Tuesday, 14 December 2021

Department of Rural and Community Development

Tionscadail Fhorbartha Pobail

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

819. To ask the Minister for Rural and Community Development cén dul chun cinn atá déanta le measúnú a dhéanamh ar iarratas faoin gClár Seirbhísí Pobail (sonraí tugtha); agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [61510/21]

Photo of Joe O'BrienJoe O'Brien (Dublin Fingal, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I láthair na huaire, tugann an Clár Seirbhísí Pobail (CSP), á riaradh ag Pobal thar ceann mo Roinnse, tacaíocht do bhreis agus 420 eagraíocht phobail chun seirbhísí áitiúla a chur ar fáil trí mhúnla fiontraíochta sóisialta.

Chun bheith incháilithe, ní mór d’eagraíochtaí a bheith ina bhfiontair shóisialta a bhfuil sé de chumas acu ioncam a ghineadh óna gcuid gníomhaíochtaí d’fhonn costais iomlána thuarastail na bpost a dtacaítear leo a íoc, mar shampla, ó ioncam ó úsáid phoiblí saoráidí agus seirbhísí.

Sa bhliain 2020, thug Indecon International Economic Consultants faoi athbhreithniú neamhspleách ar an gClár Seirbhísí Pobail thar ceann mo Roinnse. Foilsíodh an tuarascáil deiridh ar an 30 Meán Fómhair 2020 agus bhí Plean Gníomhaíochta Ardleibhéil ag gabháil léi inar leagadh amach an amlíne maidir le cur i bhfeidhm céimnithe um athstruchtúrú an chláir.

I láthair na huaire, tá mo Roinnse agus Pobal, a riarann an clár thar ceann na Roinne, ag obair ar athstruchtúrú an chláir i gcomhar le Grúpa Comhairleach, ina bhfuil baill ó phríomhpháirtithe leasmhara ón earnáil lena n-áirítear eagraíochtaí a thacaíonn CSP leo, eagraíochtaí náisiúnta, ionadaithe pobail agus ionadaithe fiontair sóisialta.

Go dtí go n-aistreofar chuig an gclár nua athstruchtúrtha, ní ghlacfar le hiarratais nua ar an scéim trí phróiseas an léirithe spéise.

Tabhair ar aird nár chuir an eagraíocht atá faoi thrácht léiriú spéise faoi bhráid na Roinne sular dhún an próiseas iarratais i mí Mheán Fómhair 2020.

É sin ráite, táthar ag súil go n-osclóidh an Clár glaonna chun aghaidh a thabhairt ar bhearnaí aitheanta i seachadadh na seirbhíse le linn 2022. Dá mba mhaith leis an eagraíocht go gcoimeádfaí a cuid sonraí teagmhála ar taifead laistigh den Roinn, rachaimid i dteagmháil nuair a osclóidh an glao spriocdhírithe in 2022. Is féidir sonraí teagmhála a chur ar fáil don Roinn ar csp@drcd.gov.ie

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.