Written answers

Tuesday, 14 December 2021

Department of Agriculture, Food and the Marine

Calafoirt agus Céanna

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

809. To ask the Minister for Agriculture, Food and the Marine an bhfuil an tuarascáil dheireannach ar a rabhthas ag fanacht maidir le Céibh Ros an Mhíl faighte; má tá, cén toradh a bhí ar an tuarascáil agus cén uair atá i gceist chun cinneadh a dheánamh maidir le forbairt céibhe doimhne mara ann, ag tógáil san áireamh an phráinn a bhaineann leis seo de bharr nach bhfuil ach achar reasúnta gairid fágtha ag an gcead pleanála don fhorbairt. [61920/21]

Photo of Charlie McConalogueCharlie McConalogue (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an Tuarascáil Anailís Costais is Tairbhe a bhaineann le tionscadal na Cé Doimhne faighte agam agus tá scrúdú á dhéanamh ag Oifigigh i mo Roinn ar an tuarascáil seo faoi láthair, scrúdú a mbeidh ról lárnach aige sa chinneadh a dhéanfar maidir le maoiniú a chur ar fáil le haghaidh tionscadal dá leithéid.

Tá cóip den tuarascáil seo le fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne ag an nasc seo a leanas: www.gov.ie/en/publication/be00f-fishery-harbours/#rossaveel-ros-an-mhil-fishery-harbour-centre-and-cashla-bay.

Ina theannta sin, le deireanas fuair mé cóip de thuarascáil a choimisiúnaigh Údarás na Gaeltachta ina sainaithnítear Ros an Mhíl mar phríomhshuíomh chun mol straitéiseach a bhunú ann chun tacú leis an earnáil gaoithe eischósta snámha. Tá beartais Rialtais éagsúla le cur san áireamh anseo agus ní mór breithniú cuimsitheach a dhéanamh ar na ceisteanna beartais agus ar na riachtanais infheistíochta.

Go deimhin, tá tuarascáil an Údaráis tráthúil ó tharla go bhfuil tuarascáil faighte agam freisin ón Tascfhórsa Bia Mara ina leagtar béim shuntasach ar dheiseanna a chruthú do phobail iascaireachta na hÉireann chun tionchar an chaillteanais rochtana ar uiscí na Ríochta Aonaithe a sheach-chur tríd an gComhaontú Trádála & Comhair idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach.

É sin ráite, táim airdeallach ar an bpointe gurb é príomhról agus príomhfheidhm na gCalafort Iascaigh tacú leis an tionscal bia mara. Beidh sé riachtanach go gcuirfear san áireamh, in aon chinneadh a dhéanfar amach anseo tús a chur le tionscadal na Cé Doimhne in Ros an Mhíl, aon mhaoiniú Státchiste a bheidh ar fáil agus tosaíochtaí náisiúnta iomaíocha.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.