Written answers

Wednesday, 8 December 2021

Department of Housing, Planning, and Local Government

Cúrsaí Oidhreachta

Photo of Mairead FarrellMairead Farrell (Galway West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

56. To ask the Minister for Housing, Planning, and Local Government cén t-eolas atá aige faoin obair a bhí ar siúl le déanaí i bPáirc Náisiúnta Chonamara i mbaile fearainn an Mhaoilinn ar shuíomh a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis ó thaobh na seandálaíochta de; cé a bhí i mbun na hoibre sin; cé hiad na céimeanna a glacadh sular tugadh faoin obair; an gcuirfear fiosrúchán ar bun sa chás seo chun a chinntiú go bhfuil na próisis chuí i bhfeidhm maidir le haon obair eile a dhéanfar ar an suíomh nó ar shuímh dá leithéid d'fhonn dochar d'iarsmaí seandálaíochta a sheachaint; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [60589/21]

Photo of Malcolm NoonanMalcolm Noonan (Carlow-Kilkenny, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ba iad na hoibreacha a bhfuil an teachta ag tagairt dóibh ná fál fianna atá ann cheana a athsholáthar i bPáirc Náisiúnta Chonamara. Rinne conraitheoir na hoibreacha don NPWS. Rinne ball den phobal gearán leis na Gardaí maidir leis na hoibreacha – ag líomhain go raibh siad ag déanamh damáiste do shéadchomhartha in aice láimhe. Tá An tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra sásta nach bhfuil an fál athsholáthair ag cur isteach ar aon séadchomhartha seandálaíochta. Baineann an obair atá faoi bhun le fál atá ann cheana a athsholáthar agus a chothabháil agus níl cead pleanála ag teastáil chuige. Tá an fál á athsholáthar de láimh. Is cuadrothar an t-innealra atá á úsáid, a úsáideadh chun cuaillí a iompar feadh líne an fháil. Tá tarracóir agus leantóir á n-úsáid chun sean-ábhar fálaithe a bhaint, ach tá siad teoranta do na bóithre rochtana atá ann cheana.

Tharraing an conraitheoir salachar leis an gcuadrothar trasna cosáin atá ann cheana ag suíomh na reilige. Nuair a d’aimsigh foireann NPWS é seo, tugadh treoir don chonraitheoir bealach eile a úsáid, sular thug an AGS cuairt air. Ní raibh aon fhianaise infheicthe de chur isteach suntasach ag an suíomh, cé go mb’fhéidir gur díláithríodh roinnt cloch páirce a d’fhéadfadh a bheith ag feidhmiú mar mharcálacha uaighe. Cé nach bhfuil sé soiléir an bhfuil baint aige seo leis an gcuadrothar ag trasnú an chosáin atá ann cheana, d’aontaigh NPWS mar sin féin go ndéanfar tuilleadh oibre chun suíomh bunaidh na gcloch a aithint agus iad a chur ar ais faoi mhaoirseacht seandálaíochta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.