Written answers
Tuesday, 30 November 2021
Department of Education and Skills
Earcaíocht san Earnáil Phoiblí
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
298. To ask the Minister for Education and Skills cén fáth nár áiríodh inniúlacht sa Ghaeilge sa bhfógra do phost an Ard-Rúnaí sa Roinn Oideachais a bhfuil an 9 Nollaig mar dháta deiridh. [59024/21]
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
361. To ask the Minister for Education and Skills an síleann sí nár mhór Gaeilge a bheith ag Ard-Rúnaí na Roinne Oideachais chun a chuid dualgas i leith na teanga náisiúnta a chomhlíonadh i bhfianaise a lárnaí is atá sí sa chóras oideachais. [59023/21]
Norma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Molaim Ceisteanna Uimh. 298 agus 361 a fhreagairt le chéile.
Tá an próiseas ó thaobh Ard-Rúnaí nua a earcú á stiúradh ag an gCoiste um Cheapacháin Ardleibhéil. Tá an sainchuntas ar an bpost seo bunaithe ar chreat inniúlachta an Choiste um Cheapacháin Ardleibhéil chun Ard-Rúnaithe sa Státseirbhís a cheapadh.
Beidh an té a cheapfar mar Ard-Rúnaí freagrach as bainistiú agus ceannaireacht a dhéanamh ar mo Roinnse. Leagtar amach i gClár an Rialtais agus i Ráiteas Straitéise mo Roinne na gealltanais i ndáil leis an nGaeilge sa chóras oideachais agus beidh mé ag obair le pé duine a roghnófar mar Ard-Rúnaí d'fhonn an cúram seo a chur ar aghaidh agus chun tacú le Straitéis 20 Bliain an Rialtais don Ghaeilge a chur i ngníomh.
No comments