Written answers

Tuesday, 23 November 2021

Department of Education and Skills

Oideachas Gaeltachta

Photo of Donnchadh Ó LaoghaireDonnchadh Ó Laoghaire (Cork South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

387. To ask the Minister for Education and Skills cathain a chuirfidh sí tús leis an athbhreithniú ar an gcóras nua díolúintí ó staidéar na Gaeilge a gealladh tar éis dhá bhliain d’fheidhmiú an chórais sin i scoileanna; cé mhéad díolúine a ceadaíodh sna blianta 2020, 2019 agus 2018; an dtabharfadh sí eolas ar na cúiseanna a bronnadh na díolúintí sin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [57569/21]

Photo of Norma FoleyNorma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I gcomhréir leis an ngealltanas atá sna ciorcláin maidir le díolúintí ó staidéar na Gaeilge (0052/2019 bunscoil agus 0053/2019 iar-bhunscoil), tá an obair phleanála ar bun ar athbhreithniú tosaigh ar fheidhmiú na gciorclán.

Is iad seo a leanas líon na ndíolúintí ó staidéar na Gaeilge a rinne scoileanna taifeadadh orthu ar na bunachair sonraí Bunscoileanna agus Iar-bhunscoileanna.

Bunscoileanna: 2,117 i 2020, 1,524 i 2019 agus 3,838 i 2018.

Iar-bhunscoileanna: 11,098 i 2020, 12,059 i 2019 agus 10,539 i 2018.

Bronntar díolúintí ar scoláirí a chláraíonn ón iasacht agus ar scoláirí a bhfuil deacrachtaí foghlama suntasacha agus leanúnacha acu.

Photo of Donnchadh Ó LaoghaireDonnchadh Ó Laoghaire (Cork South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

388. To ask the Minister for Education and Skills cé mhéad ball foirne breise atá sí le cur ar fáil chun an beartas oideachais lán-Ghaeilge a chur le chéile; an féidir léi a dheimhniú nach mbeidh cur i bhfeidhm an bheartais oideachais sa Ghaeltacht thíos leis ó thaobh acmhainní foirne agus acmhainní eile de, agus a Roinn ag tabhairt faoin mbeartas oideachais lán-Ghaeilge a chur le chéile; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [57570/21]

Photo of Norma FoleyNorma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Freagra

Tá obair phleanála ar siúl, faoi stiúir an Aonaid um Oideachas Gaeltachta i gcomhar le rannóga eile na Roinne Oideachais, ar fhorbairt polasaí don oideachas trí mheán na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Tá luach ar leith ag baint leis an taithí atá faighte le maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta i bhforbairt an pholasaí nua seo.

Is cur chuige comhoibritheach atá á ghlacadh ag an Roinn chuige seo chun tarraingt ar scileanna, eispéiris agus nósanna imeachta gach rannóg a bhfuil baint acu le gnéithe éagsúla den soláthar oideachais trí mheán na Gaeilge.

Tá an Roinn tiomanta do chur i bhfeidhm leanúnach rathúil an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta agus do chur chun cinn an oideachais trí mheán na Gaeilge sa chóras oideachais. Déanfar an polasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht a fhorbairt ag an am céanna le cur i bhfeidhm an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta agus comhthreomhar leis.

***

Planning work, led by the Gaeltacht Education Unit, in conjunction with other sections of the Department of Education, is underway on the development of a policy for Irish-medium education outside the Gaeltacht. The experience in overseeing the implementation of the policy on Gaeltacht Education is of particular value in the development of this new policy.

The Department is adopting a collaborative approach to this end to draw on the skills, experiences and procedures of all sections involved in various aspects of Irish-medium educational provision.

The Department is committed to the continued successful implementation of the Policy on Gaeltacht Education and the promotion of Irish-medium education in the education system. The new policy on Irish-medium education outside the Gaeltacht will be developed at the same time as and in parallel with the implementation of the Policy on Gaeltacht Education.

Photo of Donnchadh Ó LaoghaireDonnchadh Ó Laoghaire (Cork South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

389. To ask the Minister for Education and Skills cathain a chuirfidh sí tús le comhairliúchán chun beartas iomlán maidir leis an nGaeilge ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal a chur le chéile, faoi mar a gheall a páirtí féin i rith an olltoghcháin in 2020 agus faoi mar atá luaite sa Chlár Rialtais; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [57571/21]

Photo of Norma FoleyNorma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Freagra

Leanann mo Roinn ar aghaidh ag forbairt Polasaí nua d’oideachas trí mheán na Gaeilge lasmuigh de cheantair Ghaeltachta atá aitheanta mar ghníomh tosaíochta chun cuspóirí na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus Chlár an Rialtais a bhaint amach chun soláthar oideachais don Ghaeilge a neartú. Leanfar le cur i bhfeidhm ghníomhartha an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta.

Mar chéad chéim, bunaíodh grúpa oibre ionrannach laistigh de mo Roinn i mí Mheán Fómhair 2021 chun an obair seo a chur chun cinn.

Ceann de na chéad tascanna atá idir lámha ag an ngrúpa oibre ná creatlach comhairliúcháin a fhorbairt chun plé fairsing a spreagadh ó na páirtithe leasmhara, a chuirfidh bonn eolais faoi fhorbairt an pholasaí nua. Déanfar athbhreithniú ar litríocht ábhartha náisiúnta agus idirnáisiúnta a choimisiúnú mar chuid den phróiseas chomh maith.

Bunófar Coiste Stiúrtha sar i bhfad le páirtithe leasmhara ábhartha chun an próiseas forbartha polasaí a stiúradh agus a threorú, agus le cinntiú go gcuirtear tuairimí na bpáirtithe leasmhara san áireamh.

***

My Department continues to advance the development of a new Policy for Irish-medium education outside of Gaeltacht areas as a priority action to meet the objectives of the 20-Year Strategy for Irish and the Programme for Government to strengthen educational provision for Irish. The implementation of the actions in the Policy on Gaeltacht Education is ongoing.

An intradepartmental working group was established in my Department in September 2021 to progress the development of a new policy on Irish-medium education.

One of the initial tasks that is being carried out by the Working Group is the development of a consultation framework to encourage and promote wide-ranging stakeholder engagement to inform the policy development process. The policy development process will also include a review of relevant national and international literature.

A Steering Committee will be established in the near future with relevant stakeholder membership to guide the policy development process and to ensure that key stakeholder interests are considered.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.