Written answers

Thursday, 11 November 2021

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Seirbhísí trí Ghaeilge

Photo of Marc Ó CathasaighMarc Ó Cathasaigh (Waterford, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

192. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht faoina plean maidir le tascfhórsa a bhunú chun scrúdú a dhéanamh ar sholáthar seirbhisí teaghlaigh agus óige sa Ghaeltacht, mar a bhí molta ag Tuismitheoirí na Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [54836/21]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

D’fháiltigh mé féin agus mo Roinn roimh an taighde is deireanaí ó Thuismitheoirí na Gaeltachta “Staidéar ar theaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge laistigh de na Limistéir Oifigiúla Gaeltachta”. Is píosa tábhachtach taighde atá anseo, a sheol mé féin go pearsanta ar son Tuismitheoirí na Gaeltachta níos luaithe i mbliana agus tá neart moltaí suimiúla ann. 

I measc na moltaí, tá moladh go ndéanfaí breis taighde maidir le teanga an teaghlaigh sna limistéir pleanála teanga - go sonrach taighde ar an gcúis go roghnaíonn teaghlaigh teanga amháin thar teanga eile agus bheadh mo Roinn báúil do fhéachaint ar conas go bhféadfaí sin a chur i gcríoch. 

Idir an dá linn, tá neart gníomhaíochtaí á chur i bhfeidhm ag mo Roinn a thacaíonn le seirbhísí teaghlaigh agus óige sa Ghaeltacht. Tá béim ar leith ar sheirbhísí teaghlaigh agus óige sna pleananna teanga atá á bhfaomhadh ag mo Roinn trasna na limistéir pleanála teanga le roinnt blianta anuas. 

Faoin bpróiseas pleanála teanga chomh maith, tá an Roinn ag tacú le Tuismitheoirí na Gaeltachta, Comhar Naíonraí na Gaeltachta agus Ealaín na Gaeltachta chun tacaíocht ar leith a chur don taiglach agus don aos óg. 

Is faoin gClár tacaíochtaí Pobail agus Teanga de chuid na Roinne a chuirtear idir airgead caipitil agus reatha ar fáil le cabhrú le feidhmiú foriomlán an phróisis pleanála teanga sa Ghaeltacht.   Faoin chlár Reatha, cuireann na heagrais seo a leanas seirbhísí d’ ardchaighdeán ar fáil do theaghlaigh agus óige na Gaeltachta ar mhaithe le saibhriú agus cuimsiú teanga;  Clár an gCluichí Gaelacha, An Clár Aclaíochta, Ealaíon an Gaeltachta, TechSpace, Scéim na gCúntóirí Teanga agus Coláiste Uisce.

Tá clár oibre comhaontaithe idir mo Roinn agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge chun clár teanga agus oiliúna á fhorbairt don réimse luathoideachais.  Faoin gcur chuige atá aontaithe leis an Acadamh i mbliana, ceapfar  duine le PhD sa Luathoideachas nó i réimse ghaolmhar le ceardlanna a reáchtáil sna hIonaid, modúil a fhorbairt don BA sa Luathoideachas i gcomhthéacs an ghaeloideachais  do chleachtóirí luathoideachais atá ag obair i naíonraí sa Ghaeltacht agus taobh amuigh di.

Is tríd an clár caipitil a chuireann mo Roinn tacaíocht airgid ar fáil do sheirbhísí réamhscoile. Tá an céatadán deontais is airde atá ag mo Roinn, deontas suas le 95% ar fáil do na forbairtí agus áiseanna seo.  Tá réimse tacaíochtaí ar fáil faoin gclár seo do chlubanna óige agus ionad pobail chun trealamh agus uirlisí a cheannach d’óige na Gaeltachta chomh maith.  

Is fiú nótáil nach hé mo Roinn an t-aon Roinn Stáit atá gníomhach sa réimse seo. Go sonrach, tá ról ag an Roinn Leanaí Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige mar a bhaineann sé le seirbhísí óige a chur ar fáil. Tá sé curtha in iúl sa tuairisc  ar dhul chun cinn an Phlean Gníomhaíochta 2018 – 2022 don tréimhse Iúil 2019 - Nollaig 2020, a fhoilsíodh le déanaí, gur tháinig méadú ar an méid infheistíochta i seirbhísí Luathfhoghlama agus Cúraim (LFC) le blianta beaga anuas. Tá maoiniú breise dírithe ar inacmhainneacht a fheabhsú do thuismitheoirí, ar chaighdeán soláthar seirbhíse a fheabhsú agus ar chuimsiú páistí a bhfuil riachtanais speisialta acu a thacú. Tá na tacaíochtaí seo ar fáil do sheirbhísí luathfhoghlama agus cúraim trí mheán na Gaeilge agus an Bhéarla araon.

Tá tacaíocht á gcur ar fáil do sheirbhísí teaghlaigh agus óige taobh amuigh den Ghaeltacht freisin, agus é ráite sa Phlean Gníomhaíochta go gcruthófar dhá phost Gaeilge i réimse na Luathbhlianta laistigh den Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumas, Lánpháirtíochta agus Óige chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an soláthar Gaeilge in earnáil na luathbhlianta i gceantair taobh amuigh den Ghaeltacht. Tuigtear dom go bhfuil céimeanna tógtha anois ar mhaithe leis an ngealltanas seo a chomhlíonadh sa ghearrthéarma.

Ina theannta sin, tá dul chun cinn á dhéanamh faoi láthair ar na tacaíochta atá ar fáil do sheirbhísí poiblí i nGaeilge, seirbhísí don teaghlach agus don óige san áireamh. Faoi forálacha Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019, ullmhóidh Coiste Comhairleach atá le bunú Plean Náisiúnta chun seirbhísí poiblí a sholáthar trí Ghaeilge agus tabharfaidh sé comhairle do chomhlachtaí poiblí maidir leis an gcaoi ina bhféadfar seirbhísí nach soláthraíonn na comhlachtaí trí mheán na Gaeilge faoi láthair a sholáthar amhlaidh. Sa chomhairle seo, díreofar ar chomhairle a thabhairt do chomhlachtaí poiblí maidir le straitéisí a fhéadfaidh siad a úsáid (lena n-áirítear an chaoi a mbainfear an úsáid is fearr as acmhainní atá ar fáil do na comhlachtaí) ionas go bhféadfar seirbhísí na gcomhlachtaí poiblí lena mbaineann nach soláthraítear trí mheán na Gaeilge a sholáthar amhlaidh. Féadfaidh an Coiste Comhairleach comhairle a thabhairt do chomhlachtaí poiblí freisin i leith a bhfeachtas earcaíochta agus an chuspóra chun líon na gcainteoirí Gaeilge a mhéadú laistigh den tseirbhís phoiblí agus soláthar cainteoirí Gaeilge a chinntiú in oifigí atá suite i limistéir Ghaeltachta nó atá ag freastal orthu. Fanfaidh an plean i bhfeidhm ar feadh tréimhse sé bliana agus déanfar tuarascálacha faoi dhul chun cinn maidir lena chur i ngníomh a sheachadadh ar an Aire, ar an gCoimisinéir Teanga agus ar an Rialtas gach ré bhliain.

I bhfianaise na hoibre seo uile atá ar bun agus beartaithe, is é mo thuairim mheáite nach bhfuil gá le  tascfhórsa a bhunú chun scrúdú a dhéanamh ar sholáthar seirbhísí teaghlaigh agus óige sa Ghaeltacht.  

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.