Written answers

Thursday, 11 November 2021

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Toghcháin d'Údarás na Gaeltachta

Photo of Mairead FarrellMairead Farrell (Galway West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

188. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén dul chun cinn atá déanta maidir le toghcháin phoiblí do bhord Údarás na Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [54837/21]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Luaitear sa Chlár Rialtais go ndéanfar athbhreithniú ar struchtúir fheidhmiúcháin agus rialachais Údarás na Gaeltachta, agus ar an bpróiseas roghnúcháin/toghacháin i ndáil le Bord an Údaráis

Faoin socrú reatha maidir le struchtúr Bhord an Údaráis agus faoi réir fhorálacha ábhartha Acht na Gaeltachta 2012, ainmníonn na hÚdaráis Áitiúla a bhfuil ceantar Gaeltachta faoina gcúram acu cúigear comhalta faoi seach chuig an mbord agus roghnaítear an seachtar comhalta eile tríd comórtas poiblí a eagraítear faoi scáth na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí. 

Ar mhaithe le beart a dhéanamh de réir bhriathar an ghealltanais, rinne an Oifig um Sholáthar Rialtais (OGP) comórtas a reáchtáil ar iarratas na Roinne i mí Iúil 2021 i dtreo sainchomhairleoireacht a aimsiú le tabhairt faoin athbhreithniú ar an bpróiseas roghnúcháin/toghcháin i ndáil le Bord Údarás na Gaeltachta. Bhíothas ag súil leis go bhféadfaí tús a chur leis an athbhreithniú sa tríú ráithe den bhliain agus go gcuirfí i gcrích é laistigh de dhá mhí.

Reáchtáladh an comórtas faoin gcreatlach atá i bhfeidhm ag an OGP do sheirbhísí comhairleoireachta gnó agus bainistíochta. Foilsíodh an cuireadh chun tairisceana (RFT) ar 8 Iúil ach níor cuireadh aon tairiscint isteach don chomórtas seo faoin spriocdháta a bhain leis - an 4 Lúnasa.

Is gá, faoi réir na rialacha lena mbaineann, leasú a dhéanamh ar an gcuireadh chun tairisceana le go bhféadfadh an OGP comórtas nua a reáchtáil faoin gcreatlach. Tá an obair sin idir lámha ag an Roinn faoi láthair i dtreo an OGP a bheith in ann comórtas nua a reáchtáil gan mhoill.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.