Written answers

Tuesday, 9 November 2021

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

An Garda Síochána

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

308. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht ar cuireadh a Roinn ar an eolas sular glacadh an cinneadh ar an 13 Iúil 2021 fáil réidh leis an dualgas ar ábhar Sáirsint an grád 50% a fháil sa Scrúdú Inniúlachta Béil sa Ghaeilge; an dtagann an cinneadh sin salach ar thiomantas an rialtais an Ghaeilge a chur chun cinn sa státseirbhís mar atá ráite ag an Aire agus an Aire Stáit, agus an impeoidh sí ar an Aire Dlí agus Cirt dul siar ar an gcinneadh sin a dhéanfadh dochar don Ghaeilge sa Gharda Síochána. [54511/21]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is faoi réir Rialacháin an Gharda Síochána 2021 a déantar arduithe céime do ghrád Sáirsint agus Cigire sa Gharda Síochána. Níl aon ról reachtúil agamsa mar Aire Stáit na Gaeltachta maidir leis na Rialacháin seo.

Tuigtear dom gur socraíodh ar na Rialacháin i ndiaidh comhairliúcháin cuimsithigh idir an Roinn Dlí agus Cirt, An tSeirbhís um Cheapachain Phoiblí agus An Garda Sochána, agus i gcomhar leis an Údarás Póilíneachta agus Cumainn na nGardaí. I ndiaidh na gcomhairliúchán seo, aontaíodh nach mbeadh sé riachtanach marc 50% sa Scrúdú Inniúlachta Cainte a bhaint amach chun a bheith cáilithe d’ardú céime do ghráid Sáirsint nó Cigire.

Bhí tionchar ag Tuarascáil Cigireachta an Gharda Síochána 2015 ‘Ag Athrú Póilíneachta in Éirinn’ sa pholasaí seo, a mhol go mbunófaí próisis nua maidir le roghnú agus arduithe céime, agus ag iniúchadh 2015 den Choimisiún um Cheapacháin Phoiblí a mheas go raibh Rialacháin (Arduithe Céime) an Gharda Síochána 2006 as dáta agus a raibh gá lena n-athbhreithniú.

Is fiú a nótail fosta go bhfuil ceapachán nó sannadh gardaí do cheantair Gaeltachta clúdaithe go sonrach faoi fhorálacha Acht an Gharda Síochána 2005. Faoi alt 33 (2) den Acht foráiltear:

-Áiritheoidh Coimisinéir an Gharda Síochána, a mhéid is indéanta, go bhfuil baill den Gharda Síochána atá lonnaithe i gceantar a chuimsíonn limistéar Gaeltachta dóthanach go leor sa Ghaeilge le cur ar a gcumas é a úsáid le saoráid chun a gcuid dualgas a chomhlíonadh.

Mar is eol don Teachta, críochnaigh Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019 - a dhéanfaidh leasú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 -ag Céim na Tuarascála sa Dáil le déanaí. Is trí mhéadú agus feabhsú a dhéanamh ar na seirbhísí a sholáthraítear trí Ghaeilge ag eascairt as na leasuithe a bheas curtha i bhfeidhm ar Acht 2003 a chinnteofar go dtabharfar aghaidh ar shaincheisteanna a bhaineann le soláthar seirbhísí Stáit trí Ghaeilge do chainteoirí Gaeilge agus do phobail Ghaeltachta araon agus, chomh maith leis sin, ar dhúshláin agus ar dheiseanna maidir le hearcú cainteoirí Gaeilge i gcomhlachtaí poiblí.

De bharr ghealltanas an Rialtais i straitéis ‘Athnuachan na Státseirbhíse 2030’ a foilsíodh le déanaí agus i bPlean Náisiúnta maidir le Soláthar Seirbhísí Poiblí trí mheán na Gaeilge dá bhforáiltear sa Bhille a chur i bhfeidhm, creidim go mór go neartóidh na leasuithe seo stádas na Gaeilge san earnáil Stáit. Sílim chomh maith go mbeidh seirbhísí ardchaighdeáin Gaeilge á soláthar ag an tseirbhís phoiblí do dhaoine sa phobal Gaeilge agus i gceantair Ghaeltachta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.