Written answers
Wednesday, 3 November 2021
Department of Children, Equality, Disability, Integration and Youth
Seirbhísí Cúram Leanaí
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
134. To ask the Minister for Children, Equality, Disability, Integration and Youth an bhfuil i gceist aige scéim cistíochta faoi léith ar chur ar fáil mar thacaíocht d’ionaid cúram leanaí ar na hoileáin, ag cur san áireamh na gcostas breise a bhaineann leis na seirbhísí seo a chur ar fáil ar oileáin agus na n-uimhreacha beaga a bhíonn i gceist i ngach cás; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [53582/21]
Roderic O'Gorman (Dublin West, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Déanann mo Roinn maoirseacht ar phróiseas Bainistíocht Cáis trína n-oibríonn CCCanna áitiúla agus Pobal le chéile chun measúnú a dhéanamh agus tacaíocht a sholáthar do sheirbhísí fhoghlaim agus chúram na luathóige a bhfuil deacrachtaí acu. Is féidir cabhair chun léirthuiscint a fháil ar anailís ar chóimheasa foirne, táillí a shocrú agus sreabhadh airgid, anuas ar chomhairle agus tacaíocht níos sainiúla a bhaineann le cúinsí aonair a bheith i gceist leis seo.
Is féidir teacht ar thacaíochtaí airgeadais tríd an bpróiseas Bainistíocht Cáis chomh maith, atá ar fáil do sheirbhísí pobail a thagann i láthair agus saincheisteanna inbhuanaitheachta acu agus i ndiaidh go ndearna Pobal measúnú airgeadais orthu. San áireamh leo seo, tá snáithe cistithe dírithe ar sheirbhísí pobail i gceantair thuaithe agus iargúlta cosúil leis na hoileáin, áit go bhféadfaidh an t-éileamh ar chúram leanaí athrú ó bhliain go bliain de bharr méid an daonra áitiúil.
Déanann Pobal an próiseas bainistíocht cáis ar an iomlán a chomhordú agus déanann an CCC cúnamh tosaigh agus leanúnach maidir le bainistíocht cáis a riar. Sa chás gur cuí, leanfaidh an CCC ar aghaidh le fógra foirmiúil a thabhairt do Pobal. Cuirfidh Pobal tacaíocht níos comhdhlúite ar fáil, agus déanfaidh siad riachtanas na seirbhíse i dtaobh idirghabháil airgeadais a fhíordheimhniú ag an am céanna. Ba cheart do gach seirbhís a dteastaíonn tacaíocht uathu teagmháil a dhéanamh lena CCC sa chéad ásc.
No comments