Written answers

Tuesday, 2 November 2021

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Íocaíochtaí Deontas

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

316. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an gcuirfear deontas atosaithe ar fáil do theaghlaigh a mbíonn scoláirí Gaeilge á gcoinneáil acu faoin scéim do na Mná Tí mar gheall ar na costais mhóra a bhí orthu chun go mbeidís in ann atosú in 2022. [52217/21]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is ar an mbunús agus ar an tnúthán go mbeidh na coláistí Gaeilge athoscailte in 2022 atá an Roinn ag feidhmiú agus, dá réir, gur tríd an gcúnamh leanúnach a chuirtear ar fáil faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge a bheidh an Roinn ag teacht i gcabhair ar an earnáil go príomha mar a bhaineann sé le cúrsaí maoinithe an bhliain seo chugainn.

Tá Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge (SFG) á riar ag mo Roinn ar mhaithe le tacú le deiseanna breise sealbhaithe agus saibhrithe teanga a chur ar fáil sa Ghaeltacht do lucht freastail iar-bhunscoileanna agus triú leibhéal na tíre. Tagann an scéim le cuspóirí foriomlána an Rialtais i leith na Gaeilge mar atá leagtha amach sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010–2030.

Faoin SFG, íoctar fóirdheontas laethúil le teaghlaigh Gaeltachta incháilithe a chuireann lóistín ar fáil dóibh siúd a dhéanann freastal ar cheann de na coláistí samhraidh aitheanta sa Ghaeltacht. Is é an cuspóir atá leis an gcúnamh seo an costas a bhaineann le freastal ar choláiste Gaeilge a laghdú.

Is fiú €10 in aghaidh an lae (ionann le €220 in aghaidh an scoláire i leith cúrsa trí seachtaine) an fóirdheontas laethúil seo, a mbaineann breis agus 26,000 scoláire leas as in aghaidh na bliana fad is atá siad ag fanacht in aon cheann den c. 700 teaghlach fud fad na Gaeltachta atá aitheanta faoin scéim. Is ionann seo agus infheistíocht stáit ar fiú breis agus €4m ar leas na hearnála go bliantúil.

Tá trí chiste faoi leith bunaithe ag mo Roinn i mbliana ar mhaithe le cabhrú tuilleadh leis an earnáil a chobhsú de thoradh COVID-19. Is ar lucht stiúrtha na gcóláistí atá an ciste is déanaí, ar fiú suas le €1.7m é, a d'fhógair mé coicís ó shin nó mar sin.

Tagann an ciste faoi leith seo sna sála ar an dá chiste eile ar fiú beagnach €2.5m iad a fógraíodh i rith an tsamhraidh - a bhí dirithe ar lucht lóistín an chórais agus ar hallaí pobail Gaeltachta lena mbaineann. Is fiú a lua go bhfuil an ciste a cuireadh ar fáil i mbliana do na teaghlaigh 25% níos airde ná ciste 2020 agus nár cuireadh aon chiste ar fáil do na hallaí pobail in 2020.

Níl aon amhras orm ach go gcabhróidh an ciste is déanaí tuilleadh leis an earnáil le go mbeidh teacht aniar agus athoscailt rathúil i ndán di in 2022 and is féidir leis an Teachta a bheith cinnte de go leanfaidh mé orm mar Aire Stáit na Gaeltachta ag tacú oiread is féidir leis an earnáil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.