Written answers
Tuesday, 2 November 2021
Department of Education and Skills
Clár Tógála Scoileanna
Gary Gannon (Dublin Central, Social Democrats)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
570. To ask the Minister for Education and Skills de bhun Ceist Pharlaiminteach Uimhir 146 ar an 4ú Márta 2021, agus Ceist Pharlaiminteach Uimhir 147 ar an 19ú Bealtaine 2021, cathain a bheidh scoil (sonraí tugtha) i gContae Bhaile Átha Cliath in ann bogadh isteach san fhoirgneamh buan nua; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [53415/21]
Norma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá an láithreán criosaithe scoile ag An Corrbhaile, Domhnach Bat, atá á fháil ag mo Roinn chun slí a dhéanamh d’fhoirgneamh buan don scoil dá dtagraíonn an Teachta, beagnach i gcrích ó thaobh an tíolactha dhlíthiúil. Tá an tionscadal nasctha le hiarratas ó úinéir na talún faoin bhForbairt Tithíochta Straitéisí. Tuigeann mo Roinn gur taisceadh an t-iarratas seo leis an mBord Pleanála.
Tá oifigigh i mo Roinn ag obair leis an úinéir talún i gcónaí ar na pleananna d’fhorbairt an láithreáin. Ní féidir liom aon fhaisnéis bhreise a sholáthar ag an bpointe seo mar gheall ar íogaireacht tráchtála a bhaineann le héadáil an láithreái.
No comments