Written answers
Tuesday, 19 October 2021
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
An Teanga Gaeilge
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
427. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an ionann an, additional €7 million package for Irish language, fógartha ar shuíomh na Ranna do Cháinaisnéis 2022 agus an €6.3 milliúin fógartha sa Cháinaisnéis féin, nó an bhfuil €0.7 milliúin nár luaitear sa Cháinaisnéis; agus an difear idir an dá fhigiúir a mhíniú. [51051/21]
Jack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Gabhaim buíochas leis an Teachta as deis a thabhairt dom soiléiriú a thabhairt ar allúntais chaiteachais Cháinaisnéis 2022 mar a bhaineann le mo Roinn.
Cuimsíonn an €0.7m luaite sa cheist, €200,000 breise atá le cur ar fáil d'Oifig an Choimisinéara Teanga in 2022 chun cur ar a gcumas tuilleadh foirne a earcú le freastal ar na héilimh bhreise a bheas orthu mar gheall ar fhorálacha nua Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019 atá ós comhair an Oireachtais faoi láthair.
Ina theannta sin, leithdháileadh méadú €500,000 ar phá an Chláir mar chuid den mhéadú foriomlán ar phá ar fud na Roinne le haghaidh costais foirne. Meastar go n-earcófar foireann bhreise mar chuid de seo in 2022 chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais a eascraíonn as Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019.
No comments