Written answers

Tuesday, 19 October 2021

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Cúrsaí Gaeilge

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

408. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén fáth nach bhfuil aon tagairt sa Bhuiséad don Chiste Cobhsaíochta geallta do Choláistí Samhraidh Gaeltachta le roinnt míonna anuas, agus cathain a chuirfear maoiniú ar fáil dó. [50753/21]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, baineann Buiséad 2022 le gnóthaí airgeadais na bliana seo chugainn agus ní leis an mbliain reatha. De thoradh COVID-19 beidh a fhios ag an Teachta gur cuireadh dhá chiste cobhsaithe faoi leith ar bun in 2021 ar leas lucht lóistín na hearnála agus lucht stiúrtha hallaí pobail na Gaeltachta a mbaintear úsáid astu mar chóiríocht teagaisc agus siamsaíochta. 

Agus na cistí sin á gcur le chéile, ar fiú beagnach €2.5m iad, cuireadh san áireamh oiread agus is féidir, an t-aiseolas a fuarthas mar chuid de phróiseas comhairliúcháin a d'eagraigh mo Roinn níos túisce i mbliana.  Maidir le cás na gcoláistí iad féin aithníodh go mbeadh cur chuige ina leith níos casta ná anuraidh.

Pé scéal é, tá an obair ullmhúcháin maidir le dearadh agus ullmhú ciste cobhsaithe ina leith nach mór críochnaithe anois ag an Roinn i dtreo a bheith in ann beart eile faoi leith ar leas na gcoláistí a fhógairt gan rómhoill eile. 

De thoradh sin go léir, táim sásta go mbeidh teacht aniar rathúil ann do chóras na gcoláistí in 2022.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

409. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cé hiad na tograí a mhaoineofar leis an gcaipiteal breise ar luach €1 mhilliún atá molta don Ghaeltacht i mBuiséad 2022. [50754/21]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is faoi gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga (CTPT)de chuid na Roinne a chuirtear idir airgead caipitil agus reatha ar fáil le cabhrú le feidhmiú foriomlán an phróisis pleanála teanga sa Ghaeltacht. Is iondúil go gcaitear ciste caipitil an chláir bunaithe ar na hiarratais agus tograí a thagann chun cinn ag aon am faoi leith - ag cur na dtosaíochtaí éagsúla san áireamh mar is cuí.

Mar a fógraíodh, beidh €1m breise (idir chaipiteal agus Reatha) san áireamh i bhFomhír C3 de Vóta mo Roinne don chlár CTPT in 2022 de thoradh Buiséad 2022. Is ionann seo agus ciste ar fiú  €11.2m in iomlán é do 2022.

Tá an t-ardú €1m comhdhéanta d'ardú €800k do chiste reatha an chláir agus €200k do chiste caipitil an chláir. Leanfar ag baint leasa as an gciste foriomlán chun cúram a dhéanamh de chur chun feidhme an raon bearta ábhartha a leagtar amach i bPlean Gníomhaíochta 2018-2022 an Rialtais don Ghaeilge.

Mar is iondúil ag an tráth seo bliana, beidh pleanáil chun tosaigh ar bun ag mo Roinn i dtreo cinntí a dhéanamh faoi chonas is fearr úsáid fhónta a bhaint as an gcistíocht bhreise ar leas fhorfheidhmiú na Straitéise 20-Bliain agus an Phlean Gníomhaíochta lena mbaineann.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.