Written answers

Tuesday, 19 October 2021

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Maoiniú Chomhlachtaí Stáit

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

405. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cé hiad na tograí a mhaoineofar leis an €0.7 milliún breise molta don Fhoras Teanga, go háirithe cé mhéad den mhaoiniú seo a leithdháilfear ar Fhoras na Gaeilge, ar Bhord na hUltaise agus ar Chlár na Leabhar Gaeilge. [50750/21]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Fógraíodh allúntas bhreise de €700,000 don bhForas Teanga Thuaidh Theas i gCáinaisnéis 2022. 

Is í an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) a cheadaíonn na buiséid do na Forais Trasteorann uile, An Foras Teanga san áireamh. Déantar Foras na Gaeilge a chómhaoiniú ar an mbonn 75% ón Roinn ó dheas agus 25% ón Roinn Pobal ó thuaidh. Déantar Gníomhaireacht na hUltaise a chómhaoiniú ar an mbonn 25% ón Roinn ó dheas agus 75% ón Roinn Pobal ó thuaidh.

Tá tús curtha le comhráití leis an Roinn Pobal féachaint le comhmhaoiniú a chur ar fáil don allúntas bhreise seo de €0.7m do bhuiséad an Fhoras Teanga do 2022. Ní thosaíonn bliain airgeadais an Tuaiscirt go dtí mí an Aibreáin. Fágann seo go bhféadfadh go mbeadh roinnt míonna sula mbeifear in ann buiséad aontaithe an Fhoras Teanga Thuaidh Theas do 2022 a fhógairt.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.