Written answers

Thursday, 14 October 2021

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Deontais Ranna

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

103. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil tograí spóirt i gceantair Ghaeltachta cáilithe do dheontais ón Rannóg Gaeltachta den Roinn má fuair gné eile den togra iomlán deontas faoin scéim Deontais Caipitil Spóirt; má tá siad cáilithe, na coinníollacha a bhaineann leis seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [50274/21]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Faoin gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga de chuid na Roinne, cuirtear cúnamh caipitil ar fáil chun áiseanna pobail agus teanga a athchóiriú nó a fhorbairt sa Ghaeltacht - lena n-áirítear tograí sa réimse caitheamh aimsire agus spóirt.

Ós rud é go bhfuil sé mar cheann de phríomhaidhmeanna an chláir tacú le treisiú na Gaeilge ar leas an phróisis pleanála teanga agus mar chuid d'fheidhmiú Plean Gníomhaíochta 2018-2022 an Rialtais don Ghaeilge, is iondúil go mbíonn coinníollacha teanga dlúthbainteach le ceadú deontas faoin gclár. Tá tuilleadh eolais faoi ar fáil ar shuíomh na Roinne ag:www.gov.ie/ga/seirbhis/an-clar-tacaiochtai-pobail-agus-teanga/.

Ní bhíonn a leithéid de choinníollacha i gceist maidir leis an gClár Caipitil Spóirt go hiondúil.I gcás go mbeadh cúnamh caiptil curtha ar fáil faoin gClár Caipitil Spóirt ní fhéadfadh ábhar an deontais sin a bheith mar ábhar cúnaimh faoin gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga agus vice a versa.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.