Written answers

Thursday, 7 October 2021

Department of Rural and Community Development

Seirbhísí Oileán

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

474. To ask the Minister for Rural and Community Development an bhfuil sí ar an eolas nár sheol an bád lasta ó Ros a’Mhíl chuig Inis Meáin Dé hAoine seo caite, 1ú Deireadh Fómhair, de bharr droch aimsire; an bhfuil i gceist aici a chinntiú go mbeidh an rialtacht agus caighdeán seirbhíse céanna lastais go hInis Meáin agus atá go hÁrann agus go hInis Oirr an Geimhreadh seo tri shocrú a dhéanamh leis an bhfarrantóir go núsáidfidh sé bád a bheadh i ndon dul le céibh ag Céibh an Chalaidh Mhóir i ndroch aimsir; an bhfuil i gceist ag a Roinn an cheist a phlé le pobal agus lucht gnótha Inis Meáin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [48975/21]

Photo of Heather HumphreysHeather Humphreys (Cavan-Monaghan, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá mo Roinn théis teagmháil a dhéanamh leis an gcomhlacht farantóireachta lastais agus Comhlacht Forbartha Inis Meáin maidir leis an t-seirbhís lastais go hÁrainn.

Dheimhnigh an comhlacht lastais nár éirigh leo an seoladh a bhí beartaithe acu don Aoine 1ú Deireadh Fómhair a dhéanamh de bharr droch aimsire. Mhínigh siad go dtiteann cúramaí sláinte agus sábháilteacht na seoltaí ar scipéir an bháid agus dar leis bhí an aimsir ró-gharbh le theacht le céibh an lá sin.

Tá sé dearbhaithe ag an bhfarantóir lastais, áfach, go gcloíodh siad leis an amchlár atá aontaithe le pobail na n-oileáin agus má thagann aon athrú ar an am chlár sin de bharr droch aimsire, taoilte mí-fhabhrach nó aon chúis eile, go gcuirfear pobail na n-oileáin ar an eolas ar an bpointe, agus go ndéanfar an seoladh a cailleadh chomh luath agus is féidir ina dhiaidh sin.

Níl sé i gceist ag an Roinn aon athrú a dhéanamh ar an gconradh atá aontaithe leis an bhfarantóir le go gcuirfí báid eile nó bád nua i mbun seirbhíse.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.