Written answers
Tuesday, 5 October 2021
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Pleanáil Teanga
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
34. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht soiléiriú a thabhairt ar stádas na bpleananna teanga do na 26 Limistéir; cathain a mbeidh na 26 pleananna teanga ceadaithe; cé mhéid atá ag feidhmiú faoi láthair; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [47904/21]
Jack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Den 26 Limistéar Pleanála Teanga Ghaeltachta, tá 24 faofa ag mo Roinn go dáta. Fágann sé sin, ar ndóigh, gur dhá phlean eile atá fágtha le faomhadh - plean teanga Oileáin Árann agus plean teanga an Ghaeltacht Láir - atá á mbreithniú ag mo Roinn faoi láthair.
Bheinn muiníneach go mbeidh an 26 plean ceadaithe roimh dheireadh 2021. Den 24 plean atá ceadaithe, tá 19 de na pleananna sin á bhfeidhmiú le 18 Oifigeach Pleanála Teanga agus 4 Oifigeach Pleanála Teanga Cúnta fostaithe iontu.
Níor mhiste a lua chomh maith go bhfuil dhá phlean do na Bailte Seirbhíse Gaeltachta, An Daingean agus an Clochán Liath atá suite sa Ghaeltacht, ceadaithe chomh maith.
No comments