Written answers

Tuesday, 5 October 2021

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Cúrsaí Gaeilge

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

22. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil díomá uirthi go bhfuil comhlacht poiblí (Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, dar le Nuacht TG4 ar an 30 Meán Fómhair 2021), tar éis post sa Ghaeltacht a fhógairt trí fhógraí aonteangacha Béarla a chur sna nuachtáin, gan trácht ar chumas sa Ghaeilge mar bhuntáiste nó riachtanas ann, agus an logainm Gaeltachta Béarlaithe sa bhfógra acu, an aontaíonn sí nach bhfuil feidhm ag an reachtaíocht teanga gan pionós ann i gcás sáraithe, agus an dtacóidh sí le leasuithe ag Céim na Tuarascála ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 chun Béarlú oifigiúil ar logainm a chosc agus chun a chinntiú go n-earcóidh comhlachtaí poiblí Gaeilgeoirí amháin le haghaidh poist sa Ghaeltacht. [47944/21]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cé gur ceist í seo go príomhá don Aire Sláinte, tá fiosrúcháin déanta ag oifigigh mo Roinne ina taobh le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Cé gur fógraíodh an folúntas atá luaite ag an Teachta Ó Snodaigh sa Sunday Independent as Béarla, tuigtear dom gur i nGaeilge a bhí an fógra ar Thuairisc.ie agus ar Raidió na Gaeltachta chomh maith.

Bíodh is nach raibh riachtanas Gaeilge luaite san fhógra féin, tuigim go bhfuil, i gcomhréir le gnáthchleachtas do phoist mar seo, riachtanas Gaeilge luaite i sonraíocht an phoist.

Maidir leis an logainm a bheith i mBéarla ar fhógra Béarla an Sunday Independant, is in Ailt 32 agus 33 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 atá stádas logainmneacha Ghaeltachta leagtha síos. Is faoin gCoimisinéir Teanga atá sé monatóireacht a dhéanamh ar fhorleanúint comhlachtaí poiblí d'forálacha an Achta.

Mar is eol don Teachta, beidh Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) le tógáil ag Céim na Tuarascála amárach sa Teach seo. Tar éis díospóireacht a mhair thart ar fiche cúig uair a’ chloig ag Céim an Choiste níos túisce i mbliana, tá beagnach caoga leasú curtha síos ag an Rialtas ar an mBille ag Céim na Tuarascála. Léiríonn sé seo go raibh mé fhéin agus an Rialtas ag éisteach le pobail na Gaeilge agus na Gaeltachta nuair a léirigh siad a míshástacht maidir leis an easpa spriocdhátaí a bhí sa Bhille nuair a foilsíodh é.

Le hachtú Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), cinnteofar go bhforordóidh mé dátaí ar fúthu a thiocfaidh an Ghaeilge chun bheith mar theanga oibre oifigí comhlachtaí poiblí i ngach Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta agus, ina theannta sin, ar fúthu a bheidh gach seirbhís a sholáthraíonn comhlacht poiblí i ngach Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta á soláthar i nGaeilge. Déanfar na dátaí sin a fhorordú laistigh de 3 mhí tar éis dom an Plean Náisiúnta maidir le hearcú daoine le Gaeilge a fháil agus tar éis taighde cuimsitheach a choimisiúnóidh an Coiste Comhairleach a bheidh le bunú agam a chur i gcrích i dtaobh an féidir na spriocdhátaí atá beartaithe a bhaint amach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.