Written answers

Tuesday, 5 October 2021

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Caiteachas Ranna

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

16. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén méadú a tháinig ar chistiú a Roinne i meastacháin 2021 faoi na ceannteidil Turasóireacht, Cultúr, Ealaíon, Gaeltacht, Spórt agus Méain, cén t-ardú céatadáin a bhí i gceist i ngach cás; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [47896/21]

Photo of Catherine MartinCatherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá leithdháileadh comhlán maoinithe 2021 do mo Roinnse díreach faoi bhun €1.092 bn de réir Mheastacháin Bhreise Athbhreithnithe 2021. Méadú de thart ar €88.8m nó 9% atá sa leithdháileadh seo ar an leithdháileadh inchomparáide a foilsíodh i Meastacháin Bhreise Athbhreithnithe 2020.

Tá comparáidí díreacha agus méaduithe céatadáin idir 2020 agus 2021 deacair a dhéanamh amach mar gheall ar Phacáiste Spreagtha mhí Iúil 2020 agus maoiniú COVID-oiriúnaithe 2021, ach is iad seo a leanas na méaduithe maoinithe de réir réimse cláir:

Turasóireacht - €36.5m, méadú 20% atá ann ar leithdháileadh inchomparáide 2020;

Na hEalaíona & An Cultúr - € 90m, sin méadú de 36% ar leithdháiltí 2020 agus cuimsíonn sé sin €11.5m a aistríodh ón Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta níos luaithe i mbliana maidir le feidhmiú Scéim Tacaíochta COVID um Earnáil na nImeachtaí;

An Ghaeltacht - €6.7m, méadú 9% ar fhigiúirí 2020;

Seirbhísí Spóirt & Fóillíochta - laghdú de €46.6m nó 21% ar leithdháiltí 2020;

Na Meáin - €1.9m, méadú 1%.

Maidir le Seirbhísí Spóirt & Fóillíochta, is ionann leithdháileadh FRE 2021 agus laghdú de €46.6m nó 21% ar leithdháiltí 2020. Léiríonn sé seo leithdháileadh suntasach €88.5 milliún de thacaíochtaí mar fhreagra ar COVID in 2020 nuair nach raibh cead ag lucht féachana freastal ar imeachtaí agus ar éigean a bhí acmhainn ann chun ioncam a ghiniúint ag imeachtaí agus gníomhaíochtaí spóirt.

Cuimsíonn leithdháiltí 2020 agus 2021 araon maoiniú breise chun déileáil le tionchar COVID-19 agus chun maireachtáil agus téarnamh gnólachtaí agus oibríochtaí sna hearnálacha a bhfuil mé freagrach astu mar Aire a chinntiú. Tá sé seo sa bhreis ar na tacaíochtaí cothrománacha atá ar fáil i ngach earnáil cosúil leis an Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéimeach agus Scéim Tacaíochta Srianta COVID.

Bhí tionchar diúltach ag paindéim COVID-19 ár gcuid Forais Cultúir agus amharclann, áiteanna turasóireachta, tithe tábhairne agus bialann, ócáidí spóirt agus pobail Gaeltachta ón tús. Léiríonn maoiniú méadaithe 2021 an tiomantas atá agam féin agus ag an Rialtas chun a chinntiú go bhfuil sruthanna láidre maoinithe agus bearta spriocdhírithe ar fáil chun tacú le teacht aniar agus téarnamh n-earnálacha seo.

Tá cainteanna ar siúl i gcomhthéacs Bhuiséad 2022 chun a fháil amach cad iad na tacaíochtaí breise gur féidir a sholáthar chun leanúint ar aghaidh ag tacú leis na hearnálacha agus muid ag teacht amach as an bpaindéim.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.