Written answers

Tuesday, 5 October 2021

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Caiteachas Ranna

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

62. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cé mhéad airgid ón Státchiste nó ón gceadúnas teilifíse atá curtha ar fáil i mbliana do TG4; cé mhéad airgid atá curtha ar fáil do RTÉ ar an mbonn céanna; cén bunús atá le cionroinnt an airgid sin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [47897/21]

Photo of Catherine MartinCatherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tagann an chuid is mó de mhaoiniú TG4 ón státchiste, le roinnt ioncam tráchtála, agus ní mhaoinítear é le hairgead ó tháillí ceadúnais. Fuair mé €3.5m breise do TG4 i mbliana, ag tabhairt a leithdháileadh iomlán státchiste suas go €40.733m. Tá an íocaíocht seo ó 2021 comhdhéanta de mhaoiniú caipitil de €4m agus maoiniú reatha de €36.733m.

Tagann maoiniú RTÉ ó ioncam tráchtála agus ó fháltais tháillí ceadúnais araon. Cuimsíonn fáltais tháillí ceadúnais díolachán díreach An Post, a ghníomhaíonn mar mo ghníomhaire eisiúna faoi Alt 145 den Acht Craolacháin 2009 agus ranníocaíocht ón Roinn Cosanta Sóisialta i leith ceadúnas saor in aisce a eisítear faoin Scéim um Shochar Teaghlaigh. Rinneadh foráil do 69.787m in 2021 maidir le ceadúnais saor in aisce. Ní bheimid in ann an méid iomlán a fuarthas trí dhíolachán díreach cheadúnais teilifíse nó leithdháileadh foriomlán RTÉ a oibriú amach go dtí deireadh na bliana, mar sin, ach sa bhliain 2020 fuair RTÉ €197.645m san iomlán ó fháltais cheadúnais teilifíse.

Dáileann mo Roinnse an t-airgead go léir ó Tháillí Cheadúnais Teilifíse a fhaightear sa bhliain chéanna a fhaightear é gan aon tabhairt ar aghaidh de réir an Achta Craolacháin 2009. Soláthraíonn sé seo íocaíocht le An Post i gcomhair bailithe, 7% de na glanfháltais le Ciste Craolacháin Údarás Craolacháin na hÉireann agus an t-iarmhéid le RTÉ. Go dtí seo (30 Meán Fómhair 2021) fuair RTÉ €144.9m i bhfáltais cheadúnais teilifíse ó mo Roinnse.

Leagfar amach mionsonraí faoin gcaoi a gcaitheann RTÉ agus TG4 a gcuid airgid in 2021 ina dTuarascáil Bhliantúil agus ina gcuid Cuntas don bhliain nuair a fhoilseofar iad in 2022.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.