Written answers

Tuesday, 5 October 2021

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Oideachas Gaeltachta

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

59. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an aontaíonn sí leis an taighde ar theaghlaigh de chuid Tuismitheoirí na Gaeltachta a sheol an tAire Stáit Jack Chambers a deir go bhfuil géarchéim sa Ghaeltacht maidir le labhairt na Gaeilge, agus an bhfuil sé i gceist aici plean éigeandála a ullmhú agus a chur i bhfeidhm chun athchóiriú a dhéanamh ar an nGaeltacht. [47947/21]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ar an gcead dul síos, ba mhaith liom a rá go bhfáiltím roimh an taighde is deireanaí ó Thuismitheoirí na Gaeltachta “Staidéar ar theaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge laistigh de na Limistéir Oifigiúla Gaeltachta”. Gan dabht, is píosa tábhachtach taighde atá anseo, a sheol mé fhéin go pearsanta ar son Tuismitheoirí na Gaeltachta, a bheidh ina áis do mo Roinn agus d'eagraíochtaí eile atá ag feidhmiú san earnáil Gaeilge sa Ghaeltacht.

Is sampla é don sár-obair atá ar siúl ag Tuismitheoirí na Gaeltachta sa Ghaeltacht agus bhí me an-sásta go raibh ar mo chumas níos túisce i mbliana, allúntas suas le €1.6m thar an tréimhse 2021 go 2023 a cheadú don eagraíocht. Cuirfidh an t-allúntas seo ar chumas na heagraíochta - a bhfuil seisear feidhmeannach fostaithe acu anois - cur leis an raon gníomhaíochtaí agus tacaíochtaí atá á riar acu sna ceantair Ghaeltachta éagsúla mar thaca breise d’fheidhmiú an phróisis pleanála teanga agus an pholasaí don oideachas Gaeltachta araon.

Aontaím go bhfuil dúshláin maidir le staid na Gaeilge sa Ghaeltacht mar a aithnítear sa tuarascáil. Ní féidir le haon duine a shéanadh go bhfuil géarchéim ann sna ceantair Gaeltachta is laige. Mar is eol don Teachta, is í an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010–2030 bunchloch pholasaí an Rialtais i leith na Gaeilge. Tá úinéireacht tras­Rannach ag an Straitéis agus baineann an fhreagracht as í a chur i bhfeidhm, dá réir, le raon Ranna Rialtais, forais agus eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta. Is í mo Roinn atá freagrach as cur chun feidhme na Straitéise a chomhordú.

Mar a cuireadh in iúl roimhe seo, tá raon moltaí á gcur i bhfeidhm i láthair na huaire sa Straitéis a bhaineann leis na naoi réimse seo a leanas: Oideachas; an Ghaeltacht; an Teaghlach ag Cur na Teanga ar Aghaidh - Idirghabháil go Luath; Riarachán; Seirbhísí agus Pobal; na Meáin agus an Teicneolaíocht; Foclóirí; Reachtaíocht agus Stádas; Saol Eacnamaíochta agus Tionscnaimh Leathana.

Leagtar amach sa Phlean Gníomhaíochta 5 bliana don Ghaeilge, a thacaíonn le cur i bhfeidhm na Straitéise, os cionn 180 beart a chuirfidh tuairim is 60 páirtí leasmhar i bhfeidhm thar tréimhse cúig bliana, ar mhaithe le forfheidhmiú na Straitéise agus ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta dá réir. Is í mo Roinn atá freagrach as comhordú a dhéanamh ar fhorfheidhmiú agus monatóireacht a dhéanamh ar an bPlean. Tá an dara tuairisc bhliantúil maidir lena chur i bhfeidhm á ullmhú faoi láthair agus súil é a fhoilsiú go luath. Táim ag súil go mbeidh sé le sonrú sa tuairisc sin nuair atá sé foilsithe go bhfuil gníomhaíochtaí an Phlean ag tacú leis an nGaeilge sa Ghaeltacht agus lasmuigh de, in ainneoin tionchar na paindéime ar ghnóthaí Gaeilge agus Gaeltachta.

Is fiú dom a lua gur tháinig ardú suntasach de €14.8m ar an leithdháileadh don Ghaeilge agus don Ghaeltacht atá san áireamh i mbuiséad 2021. Fágann sé seo go bhfuil breis is €78m san iomlán á chur ar fáil ag mo Roinn sa bhliain reatha mar thacaíocht don Ghaeilge.

Ar ndóigh, tá obair shuntasach ar siúl ag mo Roinn i dtaca le caomhnú agus treisiú na Gaeilge sa Ghaeltacht agus go deimhin, lasmuigh de. Tá seo á dhéanamh trí raon beartais, scéimeanna agus tionscnaimh atá á mhaoiniú agus á gcur i bhfeidhm ag mo Roinn. Luafainn go sonrach roinnt bearta ábhartha:

An Próiseas Pleanála Teanga

Tá an próiseas pleanála teanga á chur i bhfeidhm faoi Acht na Gaeltachta, 2012. Faoin bpróiseas, tá deis á tabhairt do phobal na Gaeltachta, mar aon le pobail na mBailte Seirbhíse Gaeltachta agus na Líonraí Gaeilge, pleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú ar bhonn áitiúil. Cuirtear tacaíocht leanúnach thar thréimhse 7 mbliana ar fáil d’aon phlean teanga a cheadaítear faoin bpróiseas. Tá borradh tagtha ar an bpleanáil teanga le roinnt blianta anuas agus pleananna teanga do 24 limistéar pleanála teanga ceadaithe agus i mbun oibre. Tá 18 Oifigeach Phleanála Teanga agus 4 Oifigeach Cúnta Pleanála Teanga ceaptha chun a phleananna teanga a chur i bhfeidhm ina gceantair áitiúla. Ina theannta sin, tá cheithre Bhaile Seirbhíse Gaeltachta a thacóidh leis an nGaeilge sa Ghaeltacht ceadaithe freisin, mar aon le 3 Líonra Gaeilge.

Chomh maith le Tuismitheoirí na Gaeltachta, tacaíonn mo Roinn le Comhar Naíonraí na Gaeltachta agus Ealaín na Gaeltachta chun tacaíocht ar leith a chur ar fáil don phróiseas pleanála teanga freisin. San iomlán, tá maoiniú suas le €5m ar fáil ó mo Roinn don phleanáil teanga sa bhliain reatha.

An Clár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga

Tá suas le €10.2m le caitheamh ag mo Roinn faoin gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga in 2021. Le maoiniú ón gclár seo cuirtear tacaíocht reatha agus chaipitil ar fáil do thionscadail agus d’eagraíochtaí Gaeltachta, i gcomhréir leis na bearta ábhartha atá sa Phlean Gníomhaíochta don Ghaeilge 2018-2022 agus le tacú ar an iomlán leis an Straitéis 20-Bliain agus an próiseas pleanála Teanga.

Údarás na Gaeltachta

Mar chuid de cháinaisnéis 2021, tá cistíocht bhreise ar fiú beagnach €4.5m ceadaithe don Údarás sa bhliain reatha faoin gciste caipitil - rud a chiallaíonn go bhfuil soláthar caipitil de bheagnach €14.5m ar fáil don Údarás le tabhairt faoina chlár forbartha, fiontraíochta agus fostaíochta agus chun tacú le comhlachtaí Gaeltachta.

Lena chois sin tá soláthar méadaithe de €700,000 fógartha i dtreo buiséad maoinithe na gComharchumann agus Coistí Forbartha Pobail Gaeltachta atá faoina stiúir mar fhoras stáit - rud a chiallaíonn go bhfuil buiséad iomlán de €4.75m dó seo sa bhliain reatha.

Cuideoidh an t-ardú suntasach atá curtha ar bhuiséad Údarás na Gaeltachta don bhliain reatha leis an eagraíocht cur lena cuid gníomhaíochtaí ar mhaithe leis an nGaeilge sa Ghaeltacht.

Mar a dúirt mé thuas, is cinnte go bhfuil dúshláin maidir le staid na Gaeilge sa Ghaeltacht ach tá céimeanna á dtógáil agus dul chun cinn á dhéanamh chun an oidhreacht bheo seo a thabhairt ar aghaidh don chéad ghlúin eile. Sa tréimhse amach romhainn, beidh an Rialtas seo, agus mo Roinnse ag obair go dícheallach leis na geallshealbhóirí uile, ag leibhéal an stáit agus an phobail chun na spriocanna atá leagtha amach sa Straitéis 20-Bliain don Ghaeilge, an Plean Gníomhaíochta agus an phróiseas pleanála teanga araon a chur i gcrích.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.