Written answers

Thursday, 30 September 2021

Department of Housing, Planning, and Local Government

Baint Feamainne

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

196. To ask the Minister for Housing, Planning, and Local Government an líon daoine a bhain cearta bainte feamainne amach le cúig bliain anuas bunaithe ar úsáid fad téarmach den chladach le feamainn a bhaint; an bhfuil i gceist aige déanamh cinnte go mbeidh fáil ag lucht traidisiúnta bainte feamainne ar chearta bainte feamainne in aon dlí nua a thógtar isteach don earnáil seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [47380/21]

Photo of Peter BurkePeter Burke (Longford-Westmeath, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is é an ról atá ag mo Roinn i dtaca le feamainn a shábháil ná an ghníomhaíocht a rialáil de réir an Achta um Imeall Trágha 1933, arna leasú. Déantar gach iarratas, is cuma má thagann siad ó dhaoine aonair nó ó ghnólachtaí, a mheas de réir fhorálacha an Achta agus de réir aon reachtaíochta chomhshaoil i bhfeidhm ag an am. Agus an ghníomhaíocht seo á rialáil, ní mór a chinntiú, chomh fada agus is féidir, go ndéantar an acmhainn a bhainistiú go cuí agus go bhfuil sé mar aidhm an timpeallacht mhuirí a chosaint agus leibhéal sábhála feamainne atá inbhuanaithe a chumasú freisin. 

 Ina óráid ag Cruinniú Mullaigh Feidhm A Bhaint As Saibhreas Ár nAigéin i 2018, shoiléirigh an tAire ag an am Damien English T.D. a bhí freagrach as Acht Imeall Trágha 1933, go bhfuil cearta áirithe, de chineál foirmiúil agus neamhfhoirmiúil araon, chun feamainn a bhaint ann agus go gcaithfear iad a urramú i gcomhthéacs iarratais a chinneadh feamainn a bhaint de láimh faoin Acht Imeall Trágha 1933.

 Is ábhar d’Údarás Clárúcháin Maoine na hÉireann (PRAI) clárú dlíthiúil na gceart neamhfhoirmiúil sin, cosúil leo siúd a d’fhéadfadh a bheith ag lucht bainte feamainne traidisiúnta, agus ba cheart dóibh siúd ar mian leo a gcearta a chlárú dul i dteagmháil go díreach leo. Dá réir sin, níl aon ról ag mo Roinn sa phróiseas sin agus ní bhailíonn sí an fhaisnéis a iarrann an teachta.

Má tá éileamh á dhéanamh ar cheart forordaitheach a chlárú, beidh feidhm ag alt 38 den Acht um Athchóiriú an Dlí Talún agus Tíolactha 2009 (arna leasú ag an Acht um an Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha) 2011). Is féidir éileamh a bhunú go dtí an 30 Samhain 2021. Is é an seasamh reatha ná nach féidir le héilitheoir iarratas a dhéanamh faoin dlí a bhí i bhfeidhm sular tugadh isteach An tAcht um Athchóiriú an Dlí Talún agus Tíolactha 2009 tar éis 30 Samhain 2021. Ón 1 Nollaig 2021, chaithfí aon iarratas a dhéanamh faoi na forálacha atá leagtha amach san Acht 2009 féin. Forálann alta 33(b)(ii) den Acht 2009, áfach, do thréimhse teorann 60 bliain maidir le héilimh ar chearta saintreoracha feamainn a thógáil.

Athróidh mo Roinn a próisis agus a nósanna imeachta um Cheadúnú Feamainne Imeall Trágha más gá, chun aon athruithe a dhéanfar amach anseo ar na hAchtanna Talún agus Tíolactha a thagann faoi shainchúram na Roinne Dlí agus Cirt a léiriú.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.