Written answers

Thursday, 30 September 2021

Department of Rural and Community Development

Forbairt Calaí agus Céanna

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

402. To ask the Minister for Rural and Community Development an bhfuil i gceist aici maoiniú a chur ar fáil d’Údaráis Áitiúla le feabhas a chur ar chéibheanna agus sleamhnáin ar locha agus sa bhfarraige chun forbairt a dhéanamh ar thurasóireacht uisce ar nós bádóireacht, seoltóireacht, tumadóireacht, snámh agus rl. go mór mhór i gceantair tuaithe; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [47366/21]

Photo of Heather HumphreysHeather Humphreys (Cavan-Monaghan, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuireann an Scéim um Bonneagar Caithimh Aimsire Lasmuigh (ORIS) maoiniú ar fáil d'fhonn bonneagar caithimh aimsire lasmuigh nua a fhorbairt agus d'fhonn bonneagar caithimh aimsire lasmuigh atá ann cheana féin a chothabháil, a fheabhsú nó a chur chun cinn i gceantair thuaithe na tíre. Timpeall is €14 milliún an buiséad atá i gceist sa bhliain 2021 do na tionscadail atá ceadaithe.

Sheol mé an Scéim um Bonneagar Caithimh Aimsire Lasmuigh 2021 a bhfuil buiséad €14 milliún ag gabháil léi ar an 23 Aibreán 2021. Faoin scéim seo, cuirtear infheistíocht ar fáil do thionscadail agus is idir €20,000 agus €500,000 an maoiniú a bhíonn i gceist.  Tá an dáta deiridh le hiarratas a chur isteach faoi scéim 2021 caite anois agus tá na hiarratais á meas ag mo chuid oifigeach.  Tá súil agam go mbeidh mé in ann na tionscadail ar éirigh leo a fhógairt i Ráithe 4 i mbliana.

Bhí béim níos mó i scéim 2021 ar dheiseanna chun taitneamhachtaí atá suite in aice le haibhneacha, lochanna agus tránna a fhorbairt.  Rinneadh sin le súil is obair a thacaíonn le gníomhaíochtaí caithimh aimsire lasmuigh amhail cadhcáil, snámh agus clárchéaslóireacht a mhaoiniú. Mar sin féin, ní shamhlaítear go mbeadh obair bonneagair ar scála mór ar chéanna ná ar fhánaí le maoiniú tríd an scéim seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.