Written answers

Wednesday, 22 September 2021

Department of Rural and Community Development

Forbairt Calaí agus Céanna

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

277. To ask the Minister for Rural and Community Development an bhfuil i gceist ag oifigigh na Roinne casadh le coiste (sonraí tugtha) go luath le forbairt na cé in Inis Meáin a phlé; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [45427/21]

Photo of Heather HumphreysHeather Humphreys (Cavan-Monaghan, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, is iad Comhairle Contae na Gaillimhe atá freagrach as céim a trí d’fhorbairt an Chaladh Mhóir ar Inis Meáin. Tá oifigigh mo Roinne i dteagmháil rialta leis an gComhairle Contae chun dul chun cinn a dhéanamh ar an togra.

I mí Iúil thaistil grúpa chuig ionad an NMCI (National Marine College of Ireland) i gCorcaigh, áit ar tugadh taispeántas den ionsamhlú mara atá dá fhorbairt acu. Tuigim go raibh ionadaí ón gcoiste atá luaite ag an Teachta ina measc.

Tar éis seisiúin aiseolais, aontaíodh go ndéanfadh an NMCI tuilleadh forbairt ar an ionsamhlú, chun torthaí níos cuimsitheach a fháil, agus nuair atá sé sin déanta, seolfar cuireadh eile chuig na hionadaithe cuí. Is féidir liom a dheimhniú go bhfuil mo chuid oifigigh ar fáil chun bualadh le hionadaithe ón gcoiste ag aon am atá feiliúnach dhóibh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.