Written answers
Tuesday, 21 September 2021
Department of Education and Skills
An Teanga Gaeilge
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
447. To ask the Minister for Education and Skills tábla a sholáthar ina ndéanfar cur síos ar gach céim, dioplóma, cáilíocht, nó cúrsa atá á cur ar fáil nó á chur ar fáil ag ollscoil nó institiúid tríú leibhéal sa Stát, ina bhfuil an Ghaeilge mar bhunábhar, mar ábhar éigeantach nó roghnach i measc na modúl, nó mar mhodh teagaisc ina ndéantar ábhar eile a mhúineadh, chomh maith le figiúirí do líon na mac léinn a bhí cláraithe do gach ceann dóibh sin sna blianta acadúla 2019-2020 agus 2020-2021, agus atá cláraithe chun tabhairt fúthu don bhliain acadúil 2021-2022. [44485/21]
Simon Harris (Wicklow, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Sa tábla atá curtha ar fáil, tá liosta de na céimeanna, na dioplómaí, na cáilíochtaí agus na cúrsaí atá ábhartha don cheist seo le dhá bhliain anuas, chomh maith le figiúirí rollaithe mar a iarradh.
">Tábla
Tógtar na sonraí sin ó Chóras Taifead Mac Léinn (CTML) an Údaráis um Ard-Oideachas, córas nach bhfuil sonraí sainiúla ann maidir le cé acu atá comhpháirt Gaeilge ag baint le cúrsa ar leith nó nach bhfuil. Dá bhrí sin, díorthaítear an chuid is mó de na sonraí ó ainm an chúrsa. Sa chás nach bhfuil an focal ‘Irish’/Gaeilge/Ghaeilge nó focal Gaeilge in ainm an chúrsa ach go bhfuil cúrsa fós liostaithe, tá sé sin amhlaidh toisc go raibh an Ghaeilge liostaithe mar cheann de na ceithre ábhar sna réimsí ábhair. De ghnáth, ní choinní ach sonraí sna réimsí sin maidir le cúrsaí ealaíon sna hollscoileanna ag an Údarás um Ard-Oideachas.
Ní féidir leis an Roinn seo ná leis an Údarás um Ard-Oideachas mic léinn a dhéanann modúil i nGaeilge a aithint mar chuid de chúrsa mura bhfuil an Ghaeilge luaite sna réimsí sin, mar shampla dá ndéanfadh mac léinn gnó mionmhodúil sa teanga. Mar sin, níl na sonraí a bhfuiltear á n-iarraidh againn maidir le modúil roghnacha.
Ba é líon iomlán na mac léinn a chláraigh ar chúrsaí ina raibh an Ghaeilge mar phríomh-chomhpháirt ná 2,628 in 2019, agus 2,834 in 2020. Níl sonraí do 2021 ar fáil go fóill.
No comments