Written answers
Thursday, 9 September 2021
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
An Maolú i leith na Gaeilge san Aontas Eorpach
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
270. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cur síos a dhéanamh ar cén comhordanú atá déanta ag a Roinn leis an Aontas Eorpach chun an tionscadal píolóta a ligeann d’aistritheoirí na Gaeilge a bheith lonnaithe san Aonad i gContae na Mí a leathnú, agus chun a chinntiú go dtiocfaidh méadú ar líon na n-aistritheoirí le Gaeilge in AE in áit díreach athlonnú ón mBruiséil go dtí an Mhí a spreagadh. [41898/21]
Jack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Cuirimse fáilte roimh chinneadh Choimisiún an Aontais Eorpaigh seirbhísí aistriúcháin Gaeilge ag leibhéal an AE a fhorbairt ar mhaithe le deireadh a chur leis an maolú ar úsáid na Gaeilge in institiúidí an AE ag deireadh na bliana seo. Tá oifigigh sinsireacha mo Roinne ag obair go dlúth lena gcomhghleacaithe sna hinstitiúidí le blianta beaga anuas chun úsáid na Gaeilge ag leibhéal an AE a mhéadú. Chuige sin, tá ionadaíocht ag mo Roinn ar Coiste Stiúrtha an tionscnaimh chun deireadh a chur leis an maolú. Níl aon ról ag mo Roinn, áfach, i gcinntí na n-institiúidí maidir leis na láthair ina mbeidh a gcuid baill foirne lonnaithe.
No comments