Written answers
Tuesday, 27 July 2021
Department of Rural and Community Development
Na hOileáin amach ón gCósta
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
3450. To ask the Minister for Rural and Community Development an bhfuil aon phlé déanta ag a Roinn le ESB Networks agus le NBI agus le hUisce Éireann maidir le cabla nua leictreachais, cábla snaithín optic agus píopa uisce a cheangal idir an mór thír agus na hoileáin Árann amach ó chósta na Gaillimhe le go mbeadh deis ag na hoileánaigh fuinneamh inathnuaite a ghinniúnt agus a dhíol isteach go hÉirinn, seribhís leathan bhanda snáithín optic a bheith acu agus soláthar uisce buan d’ard-chaighdeán a bheith acu; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [40744/21]
Heather Humphreys (Cavan-Monaghan, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Mar is eol don Teachta, tá mo Roinn i mbun oibre ar Pholasaí Oileánda nua a fhorbairt. Mar chuid dó seo, tá cruinnithe déthaobhach ar siúl le Ranna Stáit eile chun plé a dhéanamh ar thorthaí an chomhairliúchán phoiblí agus na bealaigh gur féidir leo ionchur a bheith acu sa pholasaí.
Mar chuid don idirphlé seo, bhí na nithe atá ardaithe ag an Teachta faoi chaibidil ag na cruinnithe leis na Ranna ábhartha agus tá i gceist cruinnithe a thionól leis na páirtí leasmhara a bhfuil na seirbhísí seo faoina gcúram sa bhfómhar.
No comments