Written answers

Thursday, 15 July 2021

Department of Education and Skills

Curaclam Scoile

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

255. To ask the Minister for Education and Skills cén comhfhreagras a bhí idir a Roinn agus an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta maidir le forbairt na sonraíochta le haghaidh an dá chúrsa Gaeilge don Ardteistiméireacht ag leibhéil T1 agus T2; ar lorgaíodh treoir ón Roinn maidir leis an bpróiséas a leanfaí i mbun na hoibre seo; más rud é gur lorgaíodh, cén treoir a lorgaíodh agus cén treoir a tugadh; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [38864/21]

Photo of Norma FoleyNorma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is é ról na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (NCCA) forbairtí sa churaclam agus sa mheasúnú a threorú agus comhairle a chur ar an Aire Oideachais a bhfuil an fhreagracht deiridh air as an gcuraclam a chinneadh.

I ndáiríre, oibríonn mo Roinn go dlúth leis an NCCA chun curaclaim a fhorbairt ar gach leibhéal. Bunaíonn an NCCA grúpaí forbartha chun tabhairt faoi obair shonrach i réimsí curaclaim nó ábhair. Tá gach grúpa forbartha comhdhéanta d’ainmnithe ó eagraíochtaí múinteoirí agus bainistíochta, ó Choimisiún na Scrúduithe Stáit i gcás an oideachais iar-bhunscoile, páirtithe leasmhara ardoideachais chomh maith le hainmní ó mo Roinn. Bhí ainmní ag mo Roinn ar an nGrúpa Forbartha um Ghaeilge na hArdteistiméireachta ó bunaíodh é in 2018, a d’oibrigh leis an ngrúpa chun an dá dhréachtsonraíocht atá ar fáil faoi láthair le haghaidh comhairliúcháin phoiblí a fhorbairt.

Le linn an phróisis fhorbartha dhá bhliain, rinneadh athbhreithniú, plé agus moltaí rialta ar dhréachtsonraíochtaí L1 agus L2 do Ghaeilge na hArdteistiméireachta, agus rinneadh moltaí chuig Bord NCCA don tSraith Shinsearach agus ina dhiaidh sin chuig Comhairle an NCCA, a d’fhormheas na dréachtsonraíochtaí le haghaidh comhairliúcháin phoiblí. Tá ainmnithe ag mo Roinn freisin ar Bhord an NCCA don tSraith Shinsearach agus ar Chomhairle an NCCA.

D’iarr an NCCA nuashonruithe ó mo Roinn roinnt uaireanta le linn an phróisis fhorbartha (2018-2020) agus an phróisis chomhairliúcháin ar shaincheisteanna lena n-áirítear rogha agus tacaíochtaí chomh maith le bearta spreagtha.

Chuir mo Roinn a cuid tuairimí maidir leis na scoileanna ar cheart na dréacht-sonraíochtaí a dhíriú orthu in iúl don NCCA agus, sular bunaíodh an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, gur thionóil sí cruinnithe le Cumann Ollscoileanna na hÉireann ( IUA) agus leis an gCumann Ardoideachais Teicneolaíochta (THEA). Scrúdaíodh ag na cruinnithe sin raon na gclár tríú leibhéal le riachtanais iontrála Gaeilge, glacadh na gclár Oideachais Tosaigh Múinteoirí i measc iarrthóirí Gaeltachta agus bearta atá ar fáil cheana féin chun tacú le rochtain mac léinn ar bhreisoideachas agus ar ardoideachas.

Is Dréachtdoiciméid iad na sonraíochtaí agus dá bhrí sin is féidir go n-athrófar iad ag brath ar thoradh an phróisis chomhairliúcháin a leathnaíodh go dtí an 30 Samhain 2021. Ina theannta sin, chuir an NCCA in iúl don Roinn go bhfuil sé ar intinn aici athbhreithniú luath-achtacháin a dhéanamh ar leibhéil L1 agus L2 den tSraith Shóisearach a bheidh gaolmhar leis an obair atá ar siúl ag an gComhairle.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.