Written answers
Tuesday, 13 July 2021
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Údarás na Gaeltachta
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
311. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cá mhéad talún neamhfhorbartha atá ag Údarás na Gaeltachta; cá mhéad talún neamhfhorbartha atá ag a Roinn sa Ghaeltacht; na háiteanna ina bhfuil an talamh sin suite; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [37654/21]
Jack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá punann maoine forleathan ag Údarás na Gaeltachta sna seacht gContae Gaeltachta ar a bhfuil an eagraíocht ag freastal. Tá gá sciar de na foirgnimh a uasghrádú agus a chur in oiriúint do riachtanais an lae inniu agus iad a dhéanamh níos éifeachtaí ó thaobh chúrsaí fuinnimh de chomh maith.
Is é uaillmhian Údarás na Gaeltachta go mbeidh córas fuinnimh inathnuaite ag 50% dá gcuid foirgnimh faoi 2030. Sa bhreis air sin, tá an deis ann tograí pobail agus tráchtála a fhorbairt sa réimse fuinnimh inathnuaite a thacóidh le deiseanna fostaíochta a chur ar fáil san eacnamaíocht ghlas.
Sa sciar neamhfhorbartha de phunann talún an Údaráis tá portaigh, talamh féarach agus píosaí talamh aonarach i gceist chomh maith le talamh ar léas ag cliaint nó geallshealbhóirí áitiúla eile (Comhairle Contae, comharchumann srl). Ina measc freisin tá suímh straitéiseacha tionsclaíocha atá oiriúnach do fhorbairt fiontraíochta nuair a thagann tionscadal iomchuí chun tosaigh, faoi réir maoiniú a bheith ar fáil.
Tá an briseadh síos ar an talamh neamhfhorbartha ar fáil thíos:
Punann Talamh Údarás na Gaeltachta | Iomlán (acra) | Neamhfhorbartha (acra) |
---|---|---|
Co. Dhún na nGall | 451.73 | 73.21 |
Co. Mhaigh Eo | 109.24 | 54.86 |
Co. na Gaillimhe | 2,353.64 | 190.69 |
Co. na Mí | 5.00 | 0.00 |
Co. Chiarraí | 365.50 | 46.00 |
Co. Chorcaí | 102.66 | 14.00 |
Co. Phort Láirge | 14.90 | 8.00 |
Iomlán (acra) | 3,402.67 | 386.76 |
Níl aon talaimh neamhfhorbartha ag mo Roinn fhéin.
No comments