Written answers

Tuesday, 13 July 2021

Department of Education and Skills

Oideachas Tríú Leibhéal

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

425. To ask the Minister for Education and Skills cé a thug an bhreith pointí bónais don Lár-Oifig Iontrála a thabhairt do dhaltaí a dhéanann an mhatamaitic ag Ard-Leibhéal don Ardteistiméireacht; cén chomhairle nó taighde ar bunaíodh an bhreith sin, agus ar thug an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta comhairle i leith na breithe sin; agus cén taighde atá déanta ar na himpleachtaí a bhí ag an mbreith sin. [37980/21]

Photo of Norma FoleyNorma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Chinn na hinstitiúidí tríú leibhéal go léir le chéile scéim pointí bónais a oibriú don mhatamaitic ardleibhéil Ardteistiméireachta ar feadh tréimhse thrialach ceithre bliana ó 2012 go 2015. Rinneadh é seo de bhun iarratais ón Aire Oideachais ag an am mar chuid d’athbhreithnithe a rinneadh ar an tsonraíocht curaclaim Matamaitice Ardteistiméireachta, ar a dtugtar Tionscadal Mata, sa tréimhse sin. Tá pointí bónais don Mhatamaitic á mbronnadh ó shin.

Ba chóir a thabhairt faoi deara go bhfuil ollscoileanna agus institiúidí teicneolaíochta uathrialach agus go gcinneann siad a ngnásanna iontrála féin. Próiseálann an CAO iarratais ar chúrsaí fochéime, agus roinnt cúrsaí iarchéime, thar a gceann. Is iad na hinstitiúidí ardoideachais a dhéanann cinntí maidir le hiontrálacha agus a thugann treoir don CAO tairiscintí a dhéanamh d’iarrthóirí rathúla.

Ba é aidhm na bpointí bónais scoláirí a spreagadh le Matamaitic Ardleibhéil a roghnú. In 2011, rinne 15.84% de na scoláirí a rinne Scrúdú Ardteistiméireachta sa mhatamaitic an páipéar ardleibhéil agus rinne 72.14% díobh an páipéar gnáthleibhéil. In 2019, rinne 32.95% de na scoláirí a rinne Scrúdú Ardteistiméireachta sa mhatamaitic an páipéar ardleibhéil agus rinne 57.13% díobh an páipéar gnáthleibhéil. Ba é an spriocráta rannpháirtíochta, mar atá leagtha amach i straitéis litearthachta agus uimhearthachta na Roinne, go roghnódh 30% de mhic léinn an t-ardleibhéal a dhéanamh  faoi 2020.

Rinne Grúpa Tacaíochta um Chur i bhFeidhm an Tionscadail Mata maoirseacht ar Thionscadal Mata, a chuir comhpháirtíocht ar fáil idir lucht tionscail, lucht ardoideachais agus lucht an oideachais dara leibhéal chun tacú le cuspóirí Thionscadal Mata. Bhí an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnaithe ina mbaill den Ghrúpa Tacaíochta um Chur i bhFeidhm Thionscadal Mata.

Tá mo Roinn ina mbaill freisin den Ghrúpa Athchóirithe ar Aistrithe a bhfuil mo Roinn agus an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta ina gcomhchathaoirligh air.  Cuimsíonn an Grúpa um Athchóiriú Aistrithe geallsealbhóirí ón dá Roinn, Cumann Ollscoileanna na hÉireann (IUA), an tÚdarás um Ardoideachas (HEA), an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (NCCA), Coimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS) agus an Cumann Ardoideachais Teicneolaíochta (THEA ). Cuid mhór d’obair an Ghrúpa um Athchóiriú Aistrithe is ea athchóiriú ar Ghrádú na hArdteistiméireachta agus scála na bPointí Coiteanna le haghaidh iontrála chuig ardoideachas, a d’fhág gur leanadh de phointí bónais CAO a úsáid don Mhatamaitic ardleibhéil.

Tar éis an córas nua Grádaithe Ardteistiméireachta a thabhairt isteach, choimisiúnaigh an NCCA an ESRI chun taighde a dhéanamh ar thionchair an chórais grádaithe athcheartaithe. Foilsíodh an tuarascáil, Tionchar Luath Scéime Grádaithe Athcheartaithe na hArdteistiméireachta ar Bhraistintí agus ar Iompar Scoláirí, i mí Eanáir 2019 agus tá léargas ann ar thionchar na bpointí bónais don mhatamaitic.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.