Written answers

Tuesday, 6 July 2021

Department of Housing, Planning, and Local Government

Údarás na Gaeltachta

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

223. To ask the Minister for Housing, Planning, and Local Government soiléiriú a thabhairt ar an aighneacht dhá leathanach a rinne a Roinn chuig Comhairle Contae na Gaillimhe maidir le hiarratas pleanála, uimhir thagartha 20/683, de chuid Údarás na Gaeltachta do Pháirc Mara sa Ghaeltacht, i gCill Chiaráin agus gan ach sé fhocal Gaeilge san aighneacht; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [35826/21]

Photo of Malcolm NoonanMalcolm Noonan (Carlow-Kilkenny, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I mí an Mheithimh 2020 atreoraíodh iarratas ar Pháirc Mara sa Ghaeltacht, i gCill Chiaráin, Co. na Gaillimhe chuig an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán mar gheall ar a ról ag an am mar chomhairlí reachtúil faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000(arna leasú). Tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar fhaisnéis bhreise a fuarthas ar an iarratas ón údarás pleanála i mBealtaine 2021, eisíodh breathnuithe nuashonraithe a bhaineann le hoidhreacht ó mo Roinnse i Meitheamh 2021, tar éis feidhmeanna riaracháin agus oidhreachta na roinne a aistriú.

Féadfaidh an t-údarás aon aighneachtaí a dhéanann comhlachtaí forordaithe chuig údaráis phleanála a chur san áireamh agus a chinneadh á dhéanamh aige maidir leis an iarratas agus níl aon ról agam ina leith seo, ná ní féidir liom trácht a dhéanamh ar iarratais phleanála reatha.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.